Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022 – 2028 Imleabhair 1

Caibidil 3 I Tithe agus Pobail a Sheachadadh

Oideachas Tríú Leibhéal & Breisoideachas

3.73 Tugann an Roinn faoi athbhreithnithe bliantúla ar riachtanais áit scoile a chuireann an ráta seachadta tithíochta, sonraí sochair leanaí agus rolluithe scoile reatha san áireamh. Nuair a thugann sonraí le fios go bhfuil gá le soláthar breise ag leibheál an bhunscoil nó an iar- bhunscoil, tá seachadadh an tsoláthair bhreise ag brath ar chúinsí ar leith gach cáis ar leith agus féadfar é a sholáthar trí cheann amháin, nó meascán díobh seo a leanas: • Úsáid a bhaint as acmhainn reatha nach n- úsáidtear laistigh de scoil nó de scoileanna • Acmhainn scoile nó scoileanna a leathnú • Soláthar scoile nó scoileanna nua 3.74 Má chinntear go bhfuil scoil nua ag teastáil glacfaidh an Roinn páirt i bpróiseas sainaitheanta suímh agus d’fhéadfadh sé seo próiseas fála suímh a chur i bhfeidhm má chinntear go bhfuil suíomh nua ag teastáil. Nuair a shainaithnítear/aimsítear an suíomh molta cuirfear tús le pleanáil na Roinne don scoil nua. 3.75 Tugann an Plean Forbartha na láithreáin chriosaithe do scoileanna nua ar fud na Cathrach ar aghaidh agus tá solúbthacht tugtha chun cinn aige laistigh de na cuspóirí criosaithe do cheantair chónaithe chun seachadadh scoileanna nua nó leathnú na scoileanna atá ann cheana a chumasú dá n-eascródh gá agus faoi réir ag comhlíonadh cuspóirí beartais eile laistigh den Phlean Forbartha. 3.76 Spreagfar agus tacófar le deiseanna chun scoileanna, áiseanna eile pobail, cúram leanaí agus áineasa a chomhlonnú ar shuímh, nó ar shuíomhanna tadhlacha a shainaithníonn an Roinn Oideachais chun scoileanna nua a sholáthar. 3.77 De réir an “Sholáthar Scoileanna & an Córas Pleanála Cód Cleachtais d’Údaráis Phleanála ” (2008), leanfaidh Comhairle Cathrach Chorcaí ag obair go dlúth leis an Roinn Oideachais chun pleanáil do scoileanna nua nó leathnú na scoileanna atá ann cheana féin laistigh de dobharcheantair an fháis atá beartaithe.

3.78 Is cathair dhá ollscoile í Cathair Chorcaí ina bhfuil raon áiseanna breisoideachais agus tríú leibhéal den chaighdeán is airde ar a n-áirítear Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, Ollscoil Teicneolaíochta na Mumhan, agus Bord Oideachais agus Oiliúna Chorcaí. Soláthraíonn na hinstitiúidí seo raon éagsúil de roghanna oideachais, taighde, oiliúna agus nuálaíochta a thacaíonn le forbairt shóisialta agus eacnamaíoch an réigiúin. Tacaíonn Comhairle Cathrach Chorcaí le forbairt, uasghrádú agus leathnú leanúnach ar áiseanna Breisoideachais agus Ardleibhéil agus oibreoidh sí leis na hinstitiúidí oideachais agus leis an Roinn Breisoideachais, Ardoideachais, Taighde agus Scileanna chun fás inbhuanaithe na hearnála a bhaint amach. Tá an tábhacht a bhaineann le hoideachas tríú leibhéal agus breisoideachas ag éascú nuálaíocht eacnamaíoch agus tugtar aghaidh ar spleáchas i gCaibidil 7 den Phlean Forbartha. 3.79 Oibríonn Comhairle Cathrach Chorcaí le soláthraithe oideachais tríú leibhéal maidir lena bhforbairt agus lena leathnú ar bhealach inbhuanaithe. Oibreoidh Comhairle Cathrach Chorcaí le geallsealbhóirí chun an poitéinseal a bhaineann le Straitéis Leathnaithe Oideachais Tríú Leibhéal Chathair Chorcaí agus Measúnú Tionchair a scrúdú.

Sláinte

3.80 Tá tábhacht na sláinte dár saol laethúil méadaithe ag an bpaindéim Covid-19 agus tá sé tar éis dúinn a thuiscint níos mó ná riamh freisin nach bhfuil an tsláinte ag brath go hiomlán ar an gcóras cúram sláinte ach ar raon fachtóirí eile freisin. Aithníonn an Plean Forbartha seo agus tugann sé aghaidh go réamhghníomhach ar chuid de na fachtóirí seo agus breithniúcháin úsáide talún lena n-áirítear cuspóirí a fhéachann le tacú lenár gcóras cúram sláinte, comharsanachtaí inchónaithe a bhaint amach, bonneagar glas agus gorm a chosaint agus a fheabhsú, tacú le áineasa agus áiseanna pobail, bonneagar a sheachadadh ar aon dul leis an bhforbairt nua agus astaíochtaí gás ceaptha teasa agus truailliú a laghdú. Mar sin is téama leathan é Sláinte a thugann eolas do gach gné den Phlean seo.

Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022- 2028 I Imleabhar 1

Powered by