Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022 – 2028 Imleabhair 1

Cabidil 3 I Tithe agus Pobail a Sheachadadh

3.81 I 2012 ainmníodh Corcaigh mar Chathair Shláintiúil de chuid na hEagraíochta Dhomhanda Sláinte (EDS). Mar sin, tá gealltanas tugtha ag raon comhpháirtithe, lena n-áirítear Comhairle Cathrach Chorcaí agus FSS, timpeallachtaí fisiceacha agus sóisialta na cathrach a chruthú agus a fheabhsú go leanúnach agus na hacmhainní pobail a leathnú a chuireann ar chumas daoine tacaíocht a thabhairt dá chéile agus iad ag comhlíonadh feidhmeanna uile an tsaoil agus a n-uasacmhainneacht a fhorbairt. Aithnítear san ainmníochta nach táirge de ghníomhaíochtaí na hearnála sláinte amháin í Cathair Shláintiúil ach go gcinntítear go príomha trí bheartais agus gníomhartha lasmuigh den earnáil sláinte. I bPlean Gníomhaíochta Cathracha Sláintiúla Chorcaí Céim VII 2020-2030 liostaítear roinnt gníomhaíochtaí faoi théamaí ábhartha atá dírithe ar shláinte agus folláine daoine sa Chathair a fheabhsú agus éagothroime sláinte a laghdú. Tá an Plean Gníomhaíochta, de riachtanas, ilghnéitheach ach i dtéarmaí bainistíochta talamhúsáide tá roinnt téamaí ábhartha lena n- áirítear ‘Áiteanna agus Suímh Shláintiúla’ agus ‘Pleanáil Chomhtháite don tSláinte’. 3.82 Laistigh de Chathair Chorcaí, tá áiseanna cúram sláinte á mbainistiú ag raon comhlachtaí poiblí, príobháideacha agus deonacha. Is í Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) an phríomheagraíocht atá freagrach as bonneagar cúram sláinte sa Chathair agus tá sí freagrach as seirbhísí sláinte poiblí agus sóisialta a sholáthar. Tá an córas cúram sláinte poiblí faoi athrú straitéiseach mar chuid den chlár deich mbliana ‘Sláintecare’. Chomh maith le raon moltaí infheistíochta agus feabhsuithe cúraim, ceann de na príomh-aschuir de chuid Sláintecare i dtéarmaí impleachtaí pleanála spásúlachta is ea straitéis chun aistriú i dtreo córas cúraim phríomhúil agus pobalbhunaithe seachas an múnla cúraim sláinte atá ospidéil-lárnach faoi láthair. Tá moltaí ann freisin chun infheistíocht a dhéanamh i gcóras na n-ospidéal agus tá an Plean Forbartha Náisiúnta 2018-2027 ag tacú le forbairt ospidéal géarmhíochaine nua agus ospidéal roghnach do Chorcaigh. 3.83 Tá Líonraí Cúram Sláinte Pobail (LCSP) á gcur i bhfeidhm ag FSS ar fud Chathair agus Chontae Chorcaí chun Seirbhísí Cúraim Sláinte Príomhúil a sheachadadh de réir fhís Sláintecare. Tá 7 LCSP ag clúdach Cathair Chorcaí faoi shainchúram Réigiún Sláinte Chorcaí/Chiarraí agus déanfaidh gach líonra seirbhísí áitiúla a bhainistiú agus a sheachadadh laistigh dá limistéar geografach, ag obair le chéile chun freastal ar riachtanais an phobail áitiúil. Toisc go gcuirfidh na hionaid seo seirbhísí pobalbhunaithe ar fáil, beidh siad ceadaithe i bprionsabal laistigh de raon leathan Cuspóirí Criosaithe.

3.84 Chomh maith leis na moltaí straitéiseacha forbartha nua, is dócha go mbeidh riachtanais ann freisin le leathnú agus tabhairt faoi oibreacha forbartha ar áiseanna cúram sláinte atá sa Chathair cheana féin. Faoi réir comhlíonadh cuspóirí beartais eile atá sa Phlean Forbartha, tacófar i bprionsabal leis na moltaí seo. 3.85 I gcomhréir le cuspóirí iompair inbhuanaithe níos leithne, spreagfar bearta chun cabhrú le húsáid carranna príobháideacha a laghdú agus úsáid iompair níos inbhuanaithe a éascú mar phleananna taistil/soghluaisteachta inbhuanaithe agus áiseanna páirceála agus taistil i leith gach ospidéal nua agus reatha. I gcás Ospidéal na hOllscoile, Corcaigh, d’fhéadfadh go n -áireofaí leis seo seirbhís pháirceála agus taistil a chur i bhfeidhm ina mbeadh páirceáil tiomnaithe lasmuigh den láthair nó páirceáil roinnte laistigh d’áis ina n -úsáidtear an limistéar páirceála atá ann cheana féin go tréimhsiúil nó lasmuigh d’uaireanta lae.

Áineas agus Taitneamhacht

3.86 Tá infhaighteacht saoráidí áineasa laistigh agus lasmuigh ag leibhéal comharsanachta ríthábhachtach chun Cathair níos glaise, níos sláintiúla agus níos inbhuanaithe a chruthú ar an iomlán. Freagraíonn sé freisin don dúshlán a bhaineann le forbairt na cathrach sa todhchaí a phleanáil ar bhealach a éascaíonn agus a spreagann gach cónaitheoir, oibrí nó cuairteoir chun gabháil go rialta i gcineál éigin caitheamh aimsire gníomhach, beag beann ar a n-aois, ar a gcúinsí eacnamaíocha nó sóisialta nó ar a gcumais fhisiciúil. Cosúil le foirmeacha eile de bhonneagar pobail, cuireann saoráidí áineasa deis ar fáil freisin le haghaidh idirghníomhú sóisialta as a dtiocfaidh pobail níos ionchuimsithí agus tá an cumas ag áiseanna lasmuigh tacú le bithéagsúlacht agus tairbhí athraithe aeráide.

Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022 - 2028 I Imleabhar 1

Powered by