Cabidil 3 I Tithe agus Pobail a Sheachadadh
3.87 Tugann Caibidil 6 Bonneagar Glas agus Gorm, Spás Oscailte agus Bithéagsúlacht aghaidh ar an mBonneagar Glas agus Gorm agus liostaíonn Caibidil 11 Comhfhorbairt Áite agus Bainistíocht Forbartha polasaithe bainistíochta forbartha ó thaobh spáis oscailte agus áineasa de. Comhcheanglaíonn siad seo, mar aon leis an gcuid seo agus na staidéir ghaolmhara, chun spás oscailte comhtháite agus soláthar caitheamh aimsire a chur chun cinn ar fud Chathair Chorcaí. 3.88 Leagann ‘Beartas Náisiúnta Spóirt 2018 - 2027’ an Rialtais amach spriocanna chun rannpháirtíocht sa spórt a mhéadú do gach aois agus cumas lena n-áirítear sprioc uaillmhianach go mbeadh leath den daonra fásta ag imirt spóirt go rialta faoi 2027. Sainaithnítear na húdaráis áitiúla mar éascaitheoirí tosaigh na gníomhaíochta coirp agus spóirt agus ag obair i gcomhpháirtíocht le pobail áitiúla, Comhpháirtíochtaí Áitiúla Spóirt (CÁS), clubanna agus soláthraithe fóillíochta chun cabhrú le háiseanna a fheabhsú agus rannpháirtíocht a mhéadú. Athdhearbhaítear an bhéim ar thairiscint fheabhsaithe d’áiseanna áineasa a chur ar fáil sa ‘Phlean Áitiúil Eacnamaíoch agus Pobail 2016-2021 - Corcaigh Slán’ agus ‘Céim VII Plean Gníomhaíochta Cathracha Sláintiúla Chorcaí 2020- 2030’. 3.89 Tá coimisiúnú déanta ag Comhairle Cathrach Chorcaí ar ‘Staidéar ar Bhonneagair Ghníomhaí Caitheamh Aimsire’ a ullmhú ar fud na cathrach chun na háiseanna atá ann cheana féin a mheas agus chun moltaí a sholáthar maidir le cuspóirí beartais, feabhsú nó leathnú na n-áiseanna atá ann cheana féin, agus soláthar áiseanna nua. Féachfaidh an Plean Forbartha leis na moltaí a ionchorprú agus iad a thabhairt ar aghaidh lena gcur i bhfeidhm. Tá sonraí breise le fáil i gCaibidil 6 Bonneagar Glas agus Gorm, Spás Oscailte agus Bithéagsúlacht.
Leabharlanna
3.90 Leanann seirbhísí leabharlainne a bheith thar a bheith tábhachtach don chathair maidir le faisnéis, oideachas, áiteanna le haghaidh idirghníomhú sóisialta a sholáthar agus an deighilt dhigiteach a cheangail. Is féidir leo ár bpobail a spreagadh, a nascadh agus a chumhachtú. I 2020, bhí thart ar 21% de dhaonra na Cathrach ina n- úsáideoirí gníomhacha leabharlainne 2 . Tá sé mar aidhm ag straitéis na leabharlann náisiúnta, ‘Ár Leabharlanna Poiblí 2022’, úsáid a mhéadú go 30% den daonra go náisiúnta. Mar atá sé faoi láthair tá 10 leabharlann phoiblí sa Chathair ach de réir mar a fhásann an Chathair, beidh gá le háiseanna leabharlainne níos fadtéarmaí sna láithreacha seo a leanas: • Leabharlann nua i Lár na Cathrach • Baile na mBocht (síneadh agus athchóiriú ar Leabharlann Frank O’Connor, mar chomhfhorbairt le hIonad Pobail Naomh Seosamh / SJCA) • An Dúcharraig - Machain (leabharlann nua) • Dúglas • Baile an Chollaigh • Gleann Maghair • An Bhlarna • An Linn Dubh 3.91 Oibreoidh Comhairle Cathrach Chorcaí go réamhghníomhach leis an tseirbhís leabharlainne agus pobail áitiúla chun deiseanna a iniúchadh chun áiseanna leabharlainne a leathnú agus a fheabhsú.
2 Plean Straitéiseach Leabharlanna Chomhairle Cathrach Chorcaí 2020-2024.
90 Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022 – 2028 | Imleabhar 1
Powered by FlippingBook