Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022 – 2028 Imleabhair 1

Cabidil 3 I Tithe agus Pobail a Sheachadadh

Tá cuspóirí criosaithe a thugann aghaidh ar fhorbairt chónaitheach atá ann cheana féin agus atá beartaithe, ionaid áitiúla, ionaid cheantair agus lár na cathrach solúbtha ó nádúr chun freastal ar fhorbairt leabharlainne faoi réir breithnithe bainistíochta forbartha níos leithne. Chomh maith leis na moltaí atá sonraithe thuas, le linn an Phlean Forbartha d’fhéadfadh deiseanna nua teacht chun cinn chun leabharlanna a sheachadadh in éineacht le forbairtí nua agus tacófar leo seo i bprionsabal.

3.94 Deimhníonn siad seo an gá atá le leanúint de thimpeallacht tógála níos freagraí a chur chun cinn do dhaoine scothaosta agus an gá atá lena gcuid riachtanas a chur san áireamh agus tograí forbartha á n-aimsiú, á ndearadh agus ag freastal orthu. Tá na riachtanais mar bhonn eolais don Chroí-Straitéis lena n- áirítear soláthar d’fhás dlúth agus comharsanachtaí inchónaithe agus iad ina bpríomhchuid de Phlean Gníomhaíochta Chathair Shláintiúil Chorcaí 2020-2030. Tugtar aghaidh ar na riachtanais trí chuspóirí forbartha sa chuid seo agus sa phlean níos leithne a thugann aghaidh ar thithíocht inoiriúnaithe, an gá atá le cóiríocht oiriúnach a sholáthar do dhaoine scothaosta, iompar poiblí inbhuanaithe agus inrochtana a sheachadadh agus Bonneagar Glas agus Gorm inrochtana agus ilchuspóireach.

Cathair Aoisbháúil

Cathair Ionchuimsitheach, Chothromasach agus Sábháilte

3.92 Le daonra atá ag dul in aois, tá gá le soláthar seirbhísí dóthanacha a chinntiú chun freastal ar a gcuid riachtanas. Tá go leor daoine ag fanacht sa lucht saothair ar feadh níos faide agus ag fanacht sláintiúil agus gníomhach go dtí níos déanaí sa saol, rud atá dearfach; ach is gá breathnú ar sheirbhísí breise agus ar sheirbhísí níos inoiriúnaithe agus ar thimpeallacht thógtha chun freastal ar an riachtanas seo. 3.93 I mí Aibreáin 2019, ainmníodh Corcaigh mar Chathair Aoisbháúil de chuid na hEagraíochta Domhanda Sláinte. Is áit í Cathair Aoisbháúil inar féidir le níos mó agus níos mó daoine breacaosta fanacht ina gcónaí ina dtithe agus ina bpobail féin, saol sláintiúil gníomhach a bheith acu, dul aon áit ar mhaith leo dul, cathain is mian leo dul, agus a bheith ina ranníocóirí luachmhara ina saolta dá bpobail. Ní mór do Chathair Chorcaí leanúint ar aghaidh ag éascú feabhsuithe le Straitéis Chorcaí um Chathair Aoisbháúil (2016) ina bhfuil roinnt tosaíochtaí a bhaineann le pleanáil talamhúsáide lena n-áirítear: • A chinntiú go bhfuil rochtain ag daoine scothaosta ar sheirbhísí agus ar fhaisnéis imleor sláinte agus ar áiseanna sláinte agus pobail aoisbháúil a theastaíonn le maireachtáil shláintiúil agus ghníomhach; • A chinntiú go bhfuil suíomh, dearadh agus cothabháil foirgneamh agus an timpeallacht máguaird sabháilte ó thaobh aoise de agus de réir dea-chleachtais reatha; • I dtéarmaí iompair, cur ar chumas daoine scothaosta i gCathair Chorcaí agus ceantair in aice leis an gcathair teacht go dtí an áit ar gá dóibh dul nuair is mian leo dul ann; agus • Cur ar chumas daoine scothaosta cónaí ina dtithe agus ina bpobail féin trí na tacaíochtaí agus na seirbhísí riachtanacha a sholáthar chomh maith le tithíocht oiriúnach sna láithreacha cearta.

3.95 Agus pleanáil á dhéanamh d’fhás agus riachtanais bhonneagair phobail Chathair Chorcaí, tá cúram de dhíth lena chinntiú go n-uasmhéadaítear deiseanna chun cathair níos ionchuimsithí, níos cothroime agus níos sábháilte a éascú. Cé go síneann na breithnithe seo níos faide ná sainchúram na pleanála spásúlachta, ba chóir go mbeadh siad mar bhonn eolais faoin gcaoi a dtabharfar forbairt ar aghaidh i gCathair Chorcaí. Beidh riachtanais shonracha tithíochta, pleanála agus dearaidh ag go leor laistigh dár bpobal lena n-áirítear leanaí, daoine scothaosta, daoine faoi mhíchumas agus an Lucht Siúil. Agus forbairtí tithíochta á bpleanáil agus á ndearadh ní mór díriú ar rannpháirtíocht an phobail agus caithfidh aird a bheith ag dearadh forbairtí ar riachtanais éagsúla ár bpobail.

Ionchuimsiú Sóisialta

3.96 Tá ionchuimsiú sóisialta tábhachtach chun

comharsanachtaí inbhuanaithe a chruthú. Féachann Comhairle Cathrach Chorcaí le ionchuimsiú sóisialta a chomhtháthú tuilleadh i mbeartais, i gcláir, i ngníomhaíochtaí agus i seirbhísí na Comhairle. Is é an aidhm a chinntiú gur féidir le gach duine, beag beann ar a gcúlra, a n-eispéiris agus a gcúinsí, rochtain a fháil ar na seirbhísí agus na háiseanna a theastaíonn uathu chun a gcumas féin a bhaint amach. Tabharfar tús áite do chur chun cinn comharsanachtaí ionchuimsitheacha a fhreastalaíonn ar chách de réir phrionsabail an dearaidh uilíoch agus a thairgeann deiseanna agus seirbhísí ardchaighdeáin do chách.

91

Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022 – 2028 | Imleabhar 1

Powered by