Chapter 3 I Delivering Homes and Communities
Tithe a Sheachadadh agus Cuspóirí Forbartha Pobail
Cuspóir Straitéiseach 2 Tithe & Comharsanachtaí Inbhuanaithe a Sheachadadh
Daonra Chathair Chorcaí a mhéadú ar aon dul leis an gCroí-Straitéis. Pobail agus comharsanachtaí inbhuanaithe, inchónaithe, sábháilte, sláintiúil agus fabhrach do leanaí a sheachadadh. A chinntiú go soláthraítear tithe nua ag dlúis chuí i láithreáin athfhorbraíochta, inlíonta agus úrnua laistigh agus comhtheagmhálach le lorg reatha na Cathrach a aithníodh sa Chroí-Straitéis, agus ailínithe le bonneagar iompair, pobail agus sóisialta. A chinntiú go gcuirtear meascán maith de chineálacha agus de mhéideanna cóiríochta ar fáil do thithe nua chun freastal ar riachtanais agus cumais gach ball den tsochaí. Cáilíocht beatha níos airde a bhaint amach do phobail Chathair Chorcaí, ag cur maireachtáil sláintiúil, folláine agus stíleanna maireachtála gníomhacha chun cinn. A chinntiú go bhfuil comhfhorbairt áite ag croílár na forbartha ar fad chun áiteanna uirbeacha ardchaighdeáin tarraingteacha, inrochtana, inchónaithe, dea-dheartha, fabhrach do leanaí, spraíúla, sláintiúla, sábháilte agus fáiltiúla a chruthú. Coincheap na Cathair 15-nóiméad a chur chun cinn dírithe ar chomharsanachtaí ionchuimsitheacha, ilchineálacha agus comhtháite a bhfreastalaíonn raon tithe, taitneamhachtaí, seirbhísí, post agus roghanna eile iompair ghníomhacha agus poiblí orthu. Léireoidh moltaí d’fhorbairt nua an chaoi a bhfuil comhfhorbairt áite i gcroílár na forbartha agus an chaoi a gcuirfidh an fhorbairt leis an gcomharsanacht áitiúil.
93
Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022 – 2028 | Imleabhar 1
Powered by FlippingBook