Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022 – 2028 Imleabhair 1

Cabidil 3 I Tithe agus Pobail a Sheachadadh

Pleanáil do Chomharsanachtaí Inbhuanaithe Déanfaidh Comhairle Cathrach Chorcaí iarracht: Na Bailte Uirbeacha, na Sráidbhailte Cúlchríche agus na Comharsanachtaí Cathrach a úsáid mar aonaid spáis chun comharsanachtaí inbhuanaithe a fhorbairt, ag baint leasa as coincheap Cathair 15-Nóiméad; A éileamh go gcuirfidh tograí forbartha comhfhorbairt áite i gcroílár a gcoincheap dearaidh agus go léireofar go soiléir an chaoi a bhfuil comhtháthú, sláinte agus folláine agus feabhsú na comharsanachta lárnach dó seo; Pleanáil do phobail de réir aidhmeanna, cuspóirí agus prionsabail ‘Forbairt Chónaithe Inbhuanaithe i gCeantair Uirbeacha’ agus an ‘Lámhleabhar um Dhearadh Uirbeach - Treoir Dea- Chleachtais’, prionsabail an Dearaidh Uilíoch agus aon nuashonruithe a théann leis; A chinntiú go soláthraítear leibhéal cuí de bhonneagar tacaíochta comharsanachta i gcomhar le, agus mar chuid lárnach d'fhorbairt chónaithe i gComharsanachtaí Nua Inbhuanaithe; Tabhairt faoi Straitéis Comharsanachta Chathair Chorcaí le linn shaolré an Phlean chun bearnaí straitéiseacha a aithint i soláthar seirbhísí / bonneagair / acmhainní laistigh de na comharsanachtaí atá ann cheana agus atá beartaithe; Áiteanna sláintiúla agus tarraingteacha a chruthú le cónaí iontu i gcomhréir le CBN 4 den CNP agus le Sprioc 3: Creat Áit Inbhuanaithe an SRSE.

Cathair Éagsúil, Ionchuimsitheach agus Chothrom

Féachfaidh Comhairle Cathrach Chorcaí lena chinntiú gur Cathair ionchuimsitheach í Corcaigh agus go bhfreastalaíonn sí ar riachtanais gach duine trí: Córas pleanála talamhúsáide a sholáthar a chinntíonn dáileadh cuí úsáidí talún, bonneagair agus seirbhísí chun rochtain chomhionann a thabhairt do gach cónaitheoir chun cónaí, oibriú, oideachas, caitheamh aimsire agus leas a bhaint as seirbhísí eile i dtéarmaí raon agus cáilíochta; Grúpaí sonracha daonra a bhreithniú go feasach i ndearadh comharsanachtaí, áiteanna, foirgneamh, sráideanna agus spásanna chun freastal ar riachtanais gach saoránach; Grúpaí sonracha daonra a bhreithniú go feasach agus beartas pleanála, straitéisí agus creataí á bhforbairt le béim ar dhaoine óga, seandaoine agus daoine faoi mhíchumas; Bearta a chur chun cinn a laghdaíonn comhchruinnithe éagothroime sóisialta idir comharsanachtaí.

Cuspóir 3.3

Soláthar Tithíochta Nua Déanfar soláthar do 17,118 teach nua ar a laghad a thógáil i gCorcaigh thar thréimhse an Phlean Forbartha. Bainfear é seo amach trí: Dóthain tailte a chriosú le haghaidh úsáid cónaithe nó meascán d’úsáidí cónaithe agus eile chun seachadadh tithíochta a éascú; Láithreáin Athraithe a ainmniú atá in ann tithe nua a sheachadadh; Úsáid a bhaint as Staidéar Acmhainne Chathair Chorcaí a ullmhaíodh mar ionchur sa Phlean seo chun acmhainn forbartha cónaithe na láithreán a aithint; Bainistiú gníomhach talún ag baint úsáide as forálacha an Achta um Láithreáin Thréigthe 1990 agus an Achta um Athghiniúint Uirbeach agus Tithíocht 2015;

Acmhainn láithreán athfhorbraíochta a bharrfheabhsú (féach Cuspóir 3.4);

94 Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022 – 2028 | Imleabhar 1

Powered by