Cabidil 3 I Tithe agus Pobail a Sheachadadh
c. Laistigh de gach forbairt nua chónaithe beidh sé riachtanach cothromaíocht chuí tionachta tithíochta agus méid áitribh a chinntiú chun pobail chothromaithe agus ionchuimsitheacha a chothú, lena n-áirítear cothromaíocht d’aonaid de mhéid teaghlaigh agus áitribh níos lú atá in oiriúint don suíomh (féach Caibidil 11 le do thoil: Comhfhorbairt Áite agus Bainistíocht Forbartha do na caighdeáin sin); d. Tithíocht ar a laghad 20% faoi phraghas an mhargaidh a sheachadadh ar fud Chathair Chorcaí agus go hidéalach laistigh de gach comharsanacht chónaithe nua; e. Soláthar tithíochta a spreagadh do theaghlaigh aon duine agus beirte i ngach comharsanacht chun freastal ar riachtanais gach aoisghrúpa, lena n-áirítear soláthar do laghdú méide chun aonaid tithíochta teaghlaigh a scaoileadh; f. Beartas an Phlean Forbartha a nuashonrú de réir mar is gá chun treoir náisiúnta atá ag teacht chun cinn maidir le caighdeáin tithíochta a léiriú.
Dlús Cónaithe Féachfaidh Comhairle Contae Chorcaí le: Dlúthfhás uirbeach a chur chun cinn trí
dhlúis níos airde a spreagadh ar fud Chathair Chorcaí de réir Straitéis Dlús Chathair Chorcaí, Staidéar Airde Foirgnimh agus Foirngimh Ard agus caighdeáin comhthoraidh atá leagtha amach i gCaibidil 11: Comhfhorbairt Áite agus Bainistiú Forbartha agus Cuspóirí Mapáilte; agus A chinntiú go mbaintear dlús uirbeach amach trí thograí forbartha a dhéanann soláthar d'fhorbairt chónaithe inbhuanaithe d'ardchaighdeán, cothromaíocht a chinntiú idir cosaint shaintréithe seanbhunaithe an cheantair máguaird agus taitneamhachtaí cónaithe reatha; A chinntiú go bhfuil dlúthbhaint ag dlús uirbeach le comharsanachtaí rathúla a chruthú agus ag cinntiú go bhfuil comharsanachtaí comhtháite agus tréscaoilteach lena chinntiú gur féidir turais ghearra chuig ionaid uirbeacha, seirbhísí áitiúla agus taitneamhachtaí; Dearadh ailtireachta, uirbeach agus riocht phoiblí ar ardchaighdeán a chinntiú. Tá treoir leagtha amach i gCaibidil 11: Comhfhorbairt Áite agus Bainistíocht na Forbartha.
Cuspóir 3.7
Tóg-le-Ligean agus Cóiríocht Roinnte
Éascóidh Comhairle Cathrach Chorcaí soláthar Tóg-le-Ligean i láithreacha oiriúnacha i gCathair Chorcaí agus comhlíonfaidh scéimeanna ceanglais na dTreoirlínte “Tithíocht Uirbeach Oiriúnach: Caighdeáin Dearaidh d’Árasáin Nua” (DHPLG, Márta 2018) agus Nuashonrú mhí na Nollag 2020, agus aon nuashonruithe ina dhiaidh sin. Ag leibhéal na comharsanachta ba cheart go gcuideodh tograí forbartha le cruthú nó le cothabháil comharsanachta atá cothrom go sóisialta. Beidh gá le tograí forbartha a chosaint laistigh de chomhthéacs réamhaisnéisí éilimh MRÉT do theaghlaigh aon-duine agus beirte agus an speictream de chineálacha teaghaise agus tionachtaí atá ar fáil don ghrúpa daonra sin; Tá toimhde ann i gcoinne cóiríocht roinnte / forbairt chomhchónaitheach.
Meascán Tithíochta
Féachfaidh Comhairle Cathrach Chorcaí le: Forálacha na Comhstraitéise Tithíochta agus MRÉT a chur i bhfeidhm chomh fada agus a bhaineann siad le Cathair Chorcaí; Spreagadh a thabhairt d’fhorbairt meascán cuí de chineálacha áitribh chun sprioc-dlúis chónaithe a bhaint amach, ag baint úsáide as raon de chineálacha áitribh agus tíopeolaíochtaí dlúis bunaithe ar an gcleachtas is fearr (mar a léirítear in “Dlús Déanta go Mhaith” i Straitéis Dlús Chathair Chorcaí, Straitéis Airde Foirgnimh agus Foirgneamh Ard) le teaglamaí de thithe, aonad cruachta agus árasáin;
96 Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022 – 2028 | Imleabhar 1
Powered by FlippingBook