Cabidil 3 I Tithe agus Pobail a Sheachadadh
Cóiríocht a tógadh le sainchuspóir do Mhic Léinn Féachfaidh Comhairle Cathrach Chorcaí lena chinntiú go bhfreastalaítear ar éileamh tithíochta na mac léinn trí Chóiríocht a Tógadh le Sainchuspóir do Mhic Léinn chomh fada agus is féidir, ar choinníoll: Cuirtear lóistín mac léinn ar fáil in áiteanna a bhfuil rochtain ag campais ardleibhéil orthu trí shiúl, trí rothaíocht nó trí iompar poiblí, agus go hidéalach i Lár na Cathrach, i nDugaí na Cathrach, i lárionaid uirbeacha agus i scéimeanna athfhorbartha úsáide measctha na láithreán athfhorbraíochta; Ag leibhéal na comharsanachta, cuireann an fhorbairt le comharsanacht mheasctha agus ionchuimsitheach;
Tithíocht agus Pobal do Dhaoine Scothaosta Féachfaidh Comhairle Cathrach Chorcaí le freastal ar riachtanais tithíochta agus pobail daoine scothaosta go gníomhach trí: Tacaíocht a thabhairt do roghanna tithíochta príomhshrutha do dhaoine scothaosta agus do dhaoine faoi mhíchumas (lena n-áirítear ach gan a bheith teoranta do shláinte fhisiciúil, mheabhrach) i gcomhréir le CBN 30 den CNP agus CBR 182 den SRSE; Tacú le hoiriúnú tithe reatha; Deiseanna a chur chun cinn maidir le méid ceart / laghdú méide do dhaoine scothaosta laistigh dá gcomharsanachtaí le chumasú líonraí sóisialta inbhuanaithe agus tacaíocht a choinneáil; Tacú le soláthar tithíochta comhtháite agus forbairt pobail atá deartha go sonrach do dhaoine scothaosta i suíomhanna inrochtana a cheadaíonn rannpháirtíocht níos leithne le pobail atá ann cheana féin; Saoráidí pobail a chomhtháthú laistigh de raon tithíochta atá deartha do dhaoine scothaosta ar nós tithe cónaithe cuidithe agus gráigeanna (le tacaíocht), gráigreanna aistrithe (ag comhcheangal maireachtála príomhshrutha agus maireachtála faoi thacaíocht) agus aonaid íoschéimnithe (le cúram), agus tithe sainchúraim; Tacú le forbairt tithíochta feadh an tsaoil (Caighdeán Tithe feadh an tSaoil);
Tá an scéim ar ardchaighdeán agus go gcomhlíonann sí riachtanais na mac léinn.
Oiriúnú Tithe Reatha, Forbairt Inlíonta agus Athchóiriú na nUrlár Uachtarach Tacóidh agus spreagfaidh Comhairle Cathrach Chorcaí oiriúnú na dtithe atá ann cheana féin (ag teacht le CBN 35 den CNP), forbairtí inlíonta agus athchóiriú na n-urlár uachtarach i limistéir thráchtála i bprionsabal lena chinntiú go n-úsáidtear tithe, suíomhanna beaga agus spásanna folmha do sholáthar tithíochta nua agus ag an am céanna ag cinntiú ardchaighdeáin conláiste cónaithe do thithe tadhlacha atá ann cheana féin.
Tacú le forbairt tithíochta atá deartha de réir na gCaighdeán Dearaidh Uilíoch.
97
Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022 – 2028 | Imleabhar 1
Powered by FlippingBook