Cabidil 3 I Tithe agus Pobail a Sheachadadh
Moil Phobail
Bonneagar agus Seirbhísí Pobail Oibriú lenár bpobail agus le soláthraithe bonneagair chun éascú a dhéanamh ar fhorbairt agus ar sholáthar raon áiseanna pobail atá inrochtana, ionchuimsitheach go sóisialta, ilfheidhmeach agus éagsúil ar fud na Cathrach.
Comhshuíomh agus comhroinnt an bhonneagair phobail, fiontraíochta, áineasa agus spáis oscailte a chur chun cinn chun moil phobail ar scála a chruthú ag láithreacha ar féidir rochtain a fháil orthu trí shiúl, rothaíocht agus iompar poiblí agus faoi réir nach mbeidh aon drochthionchar suntasach ar thaitneamhacht áitiúil.
Plean Áitiúil Eacnamaíochta agus Pobail (PÁEP) Tacaíocht a thabhairt do sheachadadh na spriocanna, na gcuspóirí agus na ngníomhartha atá sa Phlean Áitiúil Eacnamaíochta agus Pobail (PÁEP) 2016- 2021 “Corcaigh Glan - Plean Gníomhaíochta don Chathair” agus comharba an PÁEP atá á ullmhú faoi láthair.
Áiseanna Pobail Inoiriúnaithe
Tacú le soláthar áiseanna pobail atá ilfheidhmeach agus inoiriúnaithe go leor, chun freastal ar éagsúlacht úsáidí anois agus amach anseo de réir mar a athraíonn riachtanais.
Iniúchadh ar Bhonneagar Pobail ar fud na Cathrach (IBPC)
Pleanáil le haghaidh Áiseanna Dírithe ar Leanaí
Ullmhú uirlis a chur chun cinn chun soiléireacht níos fearr a sholáthar ar riachtanais chúraim leanaí, oideachais agus spáis oscailte ag éirí as moltaí forbartha nua i gCathair Chorcaí.
Iniúchadh bonneagair phobail ar fud na cathrach a fhiosrú agus scrúdú sláinte a dhéanamh thar shaolré an Phlean.
99 Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022 – 2028 | Imleabhar 1
Powered by FlippingBook