Cabidil 3 I Tithe agus Pobail a Sheachadadh
Cathair Chorcaí mar Chathair fabhrach do Leanaí
Cathair Foghlama Chorcaí
Tacú le hobair agus le tionscnaimh Chathair Foghlama Chorcaí chun foghlaim ar feadh an tsaoil a chur chun cinn agus a éascú.
Corcaigh a chur chun cinn mar chathair fabhrach do leanaí trí riachtanais dearaidh daoine óga a mheas i dtéarmaí dearadh cuí nuair a mholtar athruithe ar an timpeallacht thógtha. Caithfidh gach forbairt an cur chuige Dearaidh Uilíoch a chur san áireamh.
Cuspóir 3.24
Áiseanna Scoile
Oibriú go dlúth leis an Roinn Oideachais chun pleanáil a dhéanamh do sholáthar scoile nua i gcomhchéim le forbairt tithíochta nua laistigh den chathair;
Áiseanna Cúraim Leanaí Tacú le soláthar agus leathnú áiseanna cúram leanaí ar ardchaighdeán ar fud na cathrach. Déanfaidh an Chomhairle: Áiseanna saintógtha cúram leanaí a éileamh mar chuid de mholtaí le haghaidh forbairtí cónaithe nua de níos mó ná 75 aonad cónaithe. Mar sin féin, nuair is féidir a shuíomh a thaispeáint go soiléir gur leor na háiseanna atá ann cheana féin, breithneofar ar socruithe eile; Dul i gcomhairle le Comhlacht Cúraim Leanaí Chathair Chorcaí agus le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte maidir le hiarratais phleanála ina bhfuil saoráidí cúram leanaí beartaithe; Éileamh ar fhostóirí a bhfuil níos mó ná 500 ball foirne acu áiseanna cúram leanaí a sholáthar mar chuid d’iarratais phleanála d’fhorbairt shuntasach nua agus leathnaithe.
A chinntiú go gcuirtear suíomhanna nua scoile ar fáil de réir riachtanais na Roinne Oideachais; Comhshuíomh scoileanna mar chuid de champais oideachais agus le húsáidí pobail eile a spreagadh chun moil phobail a chruthú. D’fhéadfadh sé seo éascú a dhéanamh ar roinnt hallaí, páirceanna imeartha agus cúirteanna nuair is féidir; Oibriú go dlúth leis an Roinn Oideachais agus Scileanna agus le húinéirí talún chun a chinntiú go gcuirtear scoileanna nua ar fáil chun freastal ar riachtanais na gcomharsanachtaí nua cónaithe ag: Dugaí na Cathrach; Dugaí Tivoli; Baile an Chollaigh Maigh an Ghiolla Fhinn; Baile an Mhulláin; Gleann Maghair Theas; An Bhlarna (Radharc na Carraige); Comharsanacht Chill Barra / Linn Dubh; agus Dúglas (Castletreasure).
Áiseanna Pobail don Lucht Siúil Tacóidh Comhairle Cathrach Chorcaí le forbairt Thionscadal Capall an Lucht Siúil i gCathair Chorcaí. Chun seachadadh an tionscadail bhonneagair phobail seo a chumasú úsáidfidh Comhairle Cathrach Chorcaí a cumhachtaí OCÉ sa chás go mbeidh gá le tailte breise chun na críche seo.
100 Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022 – 2028 | Imleabhar 1
Powered by FlippingBook