Caibidil 4 I Iompar agus Soghluaiseacht
Tagann sé seo, áfach, leis an gcoinníoll go gcaithfidh aon athruithe den sórt sin a bheith fós ag teacht le prionsabal an fháis dhlúth agus na forbartha atá dírithe ar iompar poiblí. 4.16 Imlíníonn Tábla 4.2 na hidirghabhálacha suntasacha agus na neaschostais réamh-mheasta a bhaineann le soláthar iompair sa todhchaí i Mhórcheantar Uirbeach Cathrach Chorcaí.
tréscaoilteacht agus ligean do ghluaiseacht shábháilte coisithe thar thrácht feithicle; • Feabhas a chur ar an timpeallacht coisithe in éineacht le feabhsuithe ar an Líonra Rothaíochta, Bus Connects, iarnród éadrom agus trom agus tionscnaimh eile atá molta do Chathair Chorcaí. 4.18 Tá lár na cathrach dlúth i gCorcaigh ar féidir dul timpeall air gan stró. Mar sin féin, cruthaíonn go leor ceantar lasmuigh de Lár na Cathrach dúshláin do choisithe ó thaobh topagrafaíochta de, agus d’f horbair roinnt ceantar bruachbhailte agus codanna de na bailte uirbeacha den chuid is mó le heaspa áiseanna coisithe agus rothaíochta. 4.19 Tá an Straitéis um Ghluaiseacht Lár na Cathrach (SGLC) ar glacadh léi in 2013 agus é mar aidhm leis tréthrácht a laghdú i gcroílár Lár na Cathrach agus rochtain a fheabhsú do mhodhanna taistil nach gluaisteáin iad. Tá cuid mhór den straitéis curtha i bhfeidhm go dtí seo le cur i bhfeidhm ag tosú ar chéimeanna 3, 4 agus 5 (Ceantar Shráid McCurtain) agus céimeanna 6 agus 7 a chuimsíonn limistéar a shíneann ón Meal Theas go Cé Sheoirse, Sráid Anglesea agus Sráid na Drise Cumhra ag céim measúnaithe roghanna. D’fhéadfadh go mbeadh gá le roinnt athruithe ar an straitéis chun freastal ar idirghabhálacha iompair a aithníodh i SIMC ar nós BusConnects.
Taisteal Gníomhach
Ag siúl
4.17 Tá cruthú timpeallacht choisithe tharraingteach, inrochtana agus sábháilte beag beann ar aois nó cumas ar cheann de na príomhaidhmeanna atá ag Comhairle Cathrach Chorcaí le linn shaolré an phlean seo. Áirítear ar na sochair inláimhsithe a d’fhéadfaí a bhaint amach, • Torthaí sláinte feabhsaithe do chónaitheoirí agus cuairteoirí chuig Cathair Chorcaí; • Tacú le maolú an athraithe aeráide; • Méadú ar na leibhéil siúil le haghaidh oibre, oideachais agus fóillíochta, go háirithe do thurais ghearra 2-3km; • Ról siúil a éascú mar chuid de thurais nasctha, go háirithe maidir le turais iarnróid agus bus; • Ardchaighdeán dearaidh uirbeach a spreagadh i bhforbairtí nua agus i ndearadh bóithre, ag spreagadh
Fíor 4.1: Foinse: SGLC.
111 Dréachtphlean Forbartha Chathair Chorcaí 2022 - 2028 | Imleabhar 1
Powered by FlippingBook