Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022 – 2028 Imleabhair 1

Caibidil 1 I Réamhrá

• Measúnú ar Riachtanais Ghníomhaí Caitheamh Aimsire a thuarann an gá atá le taitneamhachtaí do ghníomhaíocht choirp ghníomhach agus éighníomhach. • Staidéar Acmhainne ar fud na Cathrach , iniúchadh ar thalamh cónaithe a rinne measúnú, i gcur chuige ó bhun aníos, ar chumas na dtailte laistigh den Chathair freastal ar fhorbairt chónaithe. • Próifíl Comharsanachta Cathrach , a sholáthraíonn faisnéis thábhachtach ar 44 chomharsanacht ar leith i gCathair Chorcaí. • Soiléire níos fearr ar dhlúis uirbeacha agus airde foirgnimh curtha ar fáil trí Straitéis um Dhlús Uirbeach, Airde Foirgnimh agus Foirgneamh Ard. 1.12 Soláthraíonn na straitéisí agus na staidéir seo le chéile bonn láidir fianaise don fhís straitéiseach agus do na cuspóirí forbartha atá leagtha amach sa Phlean seo. Ag an am céanna, tá raon staidéar agus tuarascálacha eile á n-ullmhú a bhí mar bhonn eolais do Phlean Forbartha na Cathrach. Ina measc

agus Athbheochana Lár Chathair Chorcaí, agus Plean Oidhreachta agus Bithéagsúlachta na Cathrach. In éineacht leis an bPlean seo tá Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta, Measúnacht Chuí agus Measúnacht Straitéiseach ar Bhaol Tuilte.

Pleanáil Áitiúil

1.13 Nuair is cuí, féadfar cuspóirí Phlean Forbartha na Cathrach a fhorbairt níos mine ar leibhéal áitiúil. D’fhéadfadh sé seo a bheith trí phleananna ceantair áitiúil, creatphleananna nó mionteagasc forbartha. Ullmhófar iad seo de réir mar is gá agus de réir mar a cheadaíonn acmhainní. 1.14 Nuair a shonraítear creatphleananna do cheantar, ní thugann sé sin le tuiscint nach ndéanfar aon tograí forbartha a mheas sula n-ullmhófar an creatphlean. Mar sin féin, beidh gá le scála, meascán agus foirm aon fhorbairt den sórt sin agus an bonneagar a bhaineann leis a dhearadh chun comhtháthú rathúil leis an gcomharsanacht áitiúil atá ann agus atá ag teacht chun cinn agus leis an limistéar cathrach níos leithne.

seo tá Straitéis Oiriúnú don Athrú Aeráide Chomhairle Cathrach Chorcaí, Staidéar Eacnamaíochta

11 Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022-2028 I Imleabhar 1

Powered by