Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022 – 2028 Imleabhair 1

Caibidil 4 I Iompar agus Soghluaiseacht

Feabhsuithe Siúl agus Rothaíochta

Tionscnamh

Cur síos

Glasbhealach Iarnróid Pasáiste

D’aithin Comhairle Cathrach Chorcaí Glasbhealach Iarnróid Pasáiste roimhe seo mar phríomhchonair iompair mar go bhfuil an cumas aige an bealach is fearr agus is dírí a sholáthar do choisithe agus rothaithe idir Lár na Cathrach agus Machain. Mhol sé bearta feabhsúcháin éagsúla ar an nglasbhealach lena n-áirítear an bealach reatha a leathnú, soilsiú a sholáthar agus rochtain ar an nglasbhealach a fheabhsú. Soláthróidh an tionscadal áiseanna feabhsaithe go mór do rothaithe agus do choisithe feadh an glasbhealach ó Pháirc Uí Chaoimh go Machain agus feabhsóidh sé a luach taitneamhachta. Cuirfear béim ar oidhreacht Iarnród Chorcaí, an Dúcharraig agus an Iarnróid Pasáiste trí oiread den bhonneagar iarnróid atá fágtha a ionchorprú sa scéim agus is féidir. Feabhsófar na pointí rochtana atá ann faoi láthair, agus cuirfear bealaí isteach nua ar fáil chomh maith le leathnú ar a fhad iomlán agus soláthrófar soilsiú agus TCI chun slándáil a fheabhsú. Ina theannta sin, d’fhéadfadh an bealach seo a bheith roinnte ag an gcui d atá molta d’Iarnród Éadrom idir Machain agus Lár na Cathrach. Faoi láthair tá rochtain coisithe agus rothair go Páirc Ghleann na Trá Móire agus lár na Cathrach níos leithne ó cheantar Ghráinseach Gort Phroinsias i nDúglas idir an Cuarbhóthar Theas an N40 agus pointí trasnaithe teoranta d’acomhal Bhaile an Dúglas agus Bhóthar Chionn tSáile. Soláthraíonn Plean Líonra Rothaíochta Chorcaí 2017 straitéis shoiléir maidir le forbairt an ghréasáin rothaíochta sa Mhórcheantar Uirbeach amach anseo. Tá sé mar aidhm úsáid níos mó a bhaint as rothaíocht a spreagadh le haghaidh turais chun oibre, chun na scoile, chun caitheamh aimsire agus chun fóillíochta. Chuir Comhairle Contae Chorcaí tús le moladh chun nasc coisithe agus rothar a thógáil ó Bhóthar na Gráinsí, Dúglas go Páirc Ghleann na Trá Móire chun droichead coisithe agus rothaíochta thar an N40 a áireamh. Is é atá sa togra ná cosán 4m ar leithead, timpeall 995m ar fad ag síneadh ó Bhóthar na Gráinsí ó thuaidh go Cuarbhóthar Theas an N40 agus ansin áirítear droichead thar an N40 chun nasc a chruthú le Páirc Ghleann na Trá Móire. Tá conair reatha suite laistigh den limistéar coillearnaí a thosaíonn siar ó Amberley Heights agus a chríochnaíonn siar ó Alden Grove. Síneoidh an cosán atá beartaithe an conair chun nascadh le Bóthar na Gráinsí ó dheas agus Páirc Ghleann na Trá Móire ó thuaidh trí thardhroichead thar Chuarbhóthar Theas an N40 áit a leanfaidh cosán tríd an bPáirc agus ar aghaidh go Cathair Chorcaí. Soláthróidh an cosán atá beartaithe bealach sábháilte agus díreach easbhóthair do thurais chomaitéireachta, scoile agus fóillíochta ó Bhóthar na Gráinsí agus Domhnach Broc go Dubhghlas, Crois an Tornóra agus Cathair Chorcaí. Is é cuspóir an tsínte ná Cosán Coisithe agus Rothaíochta an Bhaile Bhreac atá ann cheana féin a nascadh le Cnoc Maryborough agus le forbairt chónaithe nua bheartaithe ar Bhóthar Carrigaline an R609. Is é an cuspóir fadtéarmach ná nasc rothaíochta a sholáthar idir Carrigaline agus an Purláin Theas le Lár na Cathrach.

Conair Iompair Bhóthar na Gráinsí & Gleann na Trá Móire (droichead an N40)

Conair Coisithe agus Rothaíochta Ghleann an Bhaile Bhreac (Céim 4)

Tábla 4.3: Feabhsuithe Siúl agus Rothaíochta.

114 Dréachtphlean Forbartha Chathair Chorcaí 2022 - 2028 | Imleabhar 1

Powered by