Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022 – 2028 Imleabhair 1

Caibidil 4 I Iompar agus Soghluaiseacht

Tréscaoilteacht

Sráid

4.22 Tá gréasán sráideanna tréscaoilteach ina phríomhchuid de thacú le timpeallachtaí níos inrochtana, insiúlta agus níos cairdiúla don rothaíocht. Mar sin féin, tá an claonadh ag leagan amach go leor forbairtí cónaithe ar fud na Cathrach le blianta beaga anuas a bheith i bhfabhar leagan amach neamh-thréscaoilteach cul-de-sac as a dtagann bealaí timpeallach chuig seirbhísí áitiúla, scoileanna agus stadanna iompair phoiblí. Tá riachtanais atá dírithe ar thréscaoilteacht a chinntiú thar limistéir chónaithe nua agus seanbhunaithe curtha i láthair i rannán na gCaighdeán Bainistíochta Forbartha den phlean seo. Déanfaidh Comhairle Cathrach Chorcaí staidéar tréscaoilteachta ar Chathair Chorcaí agus ar na bailte uirbeacha le linn shaolré an Phlean seo.

Céim 1

Céim 2

• Sráid Grafton,

• Sráid Oilibhéir Pluincéid ó

• Sráid Marlboro Theas

• Sráid an Chócaigh Theas,

• Sráid Roibeaird

• Sráid Morgan

• Sráid Caroline,

• Sráid Mhic Gabhann,

• Sráid Pembroke,

• Sráid an Fhéinics

• Sráid an Phrionsa Theas, • An Muiríne

• Sráid an Bhéaslaígh

• Sráid na Tuckey

Teorannú do choisithe

• Sráid Little Cross

• Plás Emmet • Plás Pheadair agus Phóil agus cuid de Shráid Phóil

4.23 Príomhchuspóir den phlean seo is ea Corcaigh a fhorbairt mar chathair inar féidir maireachtáil. Éileoidh sé seo feabhas a chur ar teorannú do choisithe sa chathair. I gcathracha ar fud na hEorpa tá fianaise ag teacht chun cinn go bhfuiltear ag leanúint níos mó de réir a chéile le hath-leithdháileadh spáis bhreise bóithre chuig siúl agus rothaíocht mar fhreagra ar Phaindéim COVID-19 mar an rogha is fearr atá ar fáil chun gluaiseacht líon suntasach daoine a éascú go sábháilte chun oibre, oideachas agus taitneamhachtaí. 4.24 I 2020 tionscnaíodh athruithe sealadacha ar leagan amach roinnt sráideanna i Lár na Cathrach agus tar éis comhairliúcháin phoiblí i 2021 socraíodh gur tionscnamh buan é seo. 4.25 Sonraítear i dTábla 4.4 na sráideanna atá le bheith do choisithe agus an chéimniú atá beartaithe dóibh, d’fhéadfadh na hamanna oibríochta a bheith éagsúil.

Table 4.4: List of streets to be pedestrianised. Tábla 4.4: Liosta de na sráideanna a bheith do choisithe

4.26 Luaitear go minic easpa feasachta ar bhealaí agus ar achair chuig cinn scríbe mar bhac ar shiúlóid sa chathair. Tá cuid mhór de chóras comharthaíochta reatha Chathair Chorcaí comhdhéanta de chomharthaí méire eolais, a chuirtear i bhfeidhm go neamh-chomhsheasmhach, a ndéantar damáiste dóibh go minic, agus atá dírithe go príomha ar chuairteoirí. Feabhsóidh Comhairle Cathrach Chorcaí bealaí-aimsithe do choisithe, idir chónaitheoirí agus chuairteoirí, thar thréimhse an phlean seo. Léirmhíneoidh sé seo príomhréimsí spéise agus tacóidh sé le hathrú iompraíochta trí amanna siúlóide chuig príomhcheantair na cathrach a léiriú.

Feabhsuithe ar an Líonra Siúil

4.27 Sholáthair Straitéis Siúlóide Chorcaí 2013-2018 fís shoiléir agus plean forfheidhmithe chun an deighilt mhódúil siúil le haghaidh comaitéireachta laistigh de bhruachbhailte Chathair Chorcaí a mhéadú. Mhol an Straitéis Siúlóide go ndéanfaí forbairt ar ghréasán siúil a nascann comharsanachtaí, bunús agus cinn scríbe, a mhéadaíonn tréscaoilteacht na timpeallachta tógtha, agus a chruthaíonn timpeallacht tharraingteach, shábháilte a spreagann níos mó daoine dul ag siúl, agus a chruthódh daonra níos sláintiúla, cathair níos inchónaithe agus níos inbhuanaithe, agus pobail níos láidre.

115 Dréachtphlean Forbartha Chathair Chorcaí 2022 - 2028 | Imleabhar 1

Powered by