Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022 – 2028 Imleabhair 1

Caibidil 4 I Iompar agus Soghluaiseacht

4.28 Tá go leor de na réimsí fócais le haghaidh feabhsúcháin a aithníodh sa Straitéis Siúlóide fós ábhartha ach tá siad oiriúnaithe in SIMC agus cuirfear i bhfeidhm iad sa phlean seo. Ina measc seo tá: • Forbairt Líonra ar an bpríomhghréasán coisithe ar fud na cathrach;

D’fhéadfadh an ráta fáis seo a bheith níos airde ná mar a ceapadh mar go bhfuil méadú tagtha ar rothaíocht ar fud na Cathrach agus mar fhreagra air sin tá méadú tagtha ar líon na gcosán rothar. Tá infheistíocht shuntasach i mbonneagar rothaíochta tar éis cur leis an aistriú chuig cultúr rothaíochta a tháinig chun cinn le linn na paindéime agus leanfar uirthi ag cur leis an aistriú go cultúr rothaíochta. 4.32 Tá an Plean Forbartha Náisiúnta (PFN) tiomanta do sholáthar líonraí siúil agus rothaíochta do chathracha uile na hÉireann. Is iad seo a leanas na príomhthosaíochtaí chun líonra rothaíochta a fhorbairt do Chorcaigh: • Gréasán comhleanúnach de bhealaí rothaíochta soir-siar agus thuaidh-theas a ainmniú chun rochtain a sholáthar do gach mór-ghineadóir turas; • Rochtain ar phríomhréimsí fostaíochta agus oideachas tríú leibhéal a fheabhsú mar thosaíocht, agus scoileanna ina dhiaidh sin; • An leibhéal seirbhíse is airde agus is féidir a sholáthar ar na conairí ardéilimh a sainaithníodh; • Deiseanna le haghaidh glasbhealaí ardchaighdeáin a shainaithint agus a uasmhéadú; agus • Oibriú le príomhpháirtithe leasmhara agus leis an bpobal chun na bealaí tosaíochta a shainaithint agus a fhorbairt.

• Bonneagar comharsanachta chun tarraingteacht, sábháilteacht agus

inrochtaineacht do gach coisí a fheabhsú; • Tionscnaimh Athraithe Iompraíochta a chuireann siúl chun cinn; • Comhoibriú idir geallsealbhóirí; • Uasghrádú a dhéanamh ar an soláthar siúlóide in éineacht le feabhsuithe ar chonairí BusConnects, forbairt stáisiúin iarnróid éadroim agus Forfheidhmiú an Ghréasáin Rothaíochta; agus • Uasghrádú a dhéanamh ar an ngréasán coisithe in éineacht leo siúd atá molta don ghréasán rothaíochta chun coinbhleachtaí i spásanna comhroinnte ar nós glasbhealaí agus bealaí ciúine a íoslaghdú.

4.29 Shainaithin an Straitéis Siúlóide roinnt Bealaí

Straitéiseacha a fhorluíonn le limistéir fostaíochta agus oideachais na Cathrach. Rinneadh na bealaí seo a nascadh le seirbhísí iompair phoiblí chun na réimsí a shainaithint ina mbeadh an tairbhe is mó ag baint le hinfheistíocht i mbonneagar coisithe chun cabhrú le haistriú córa iompair. Fanann na Bealaí Straitéiseacha ábhartha thar shaolré an Phlean seo agus SIMC, go háirithe i gcomhthéacs fás daonra pleanáilte agus forbairt cónaithe sa Chathair sa ghearrthéarma agus sa mheántéarma. 4.30 Glacadh leis an Straitéis atá sonraithe thuas roimh shíneadh na Teorann i 2019 agus mar sin clúdaíonn sí an t-iarlimistéar riaracháin. Le linn shaolré an phlean seo leanfaidh Comhairle Cathrach Chorcaí ar aghaidh ag soláthar cosáin nua agus uasghrádaithe agus áiseanna coisithe ar fud na Cathrach ar fad lena n- áirítear limistéir fáis le déanaí agus amach anseo.

Rothaíocht

4.31 Is modh iompair atá inbhuanaithe ar chostas íseal agus atá ag fás go tapa í an rothaíocht i gCorcaigh. Mheas SIMC an poitéinseal go n-aistreofaí 56,000 turas cairr laethúil breise go rothaíocht i Mhórcheantar Uirbeach Chorcaí faoi 2040, le méadú ar deighilt mhódúil ó 1% i 2011 go 4% faoi 2040.

115 Dréachtphlean Forbartha Chathair Chorcaí 2022 - 2028 | Imleabhar 1

Powered by