Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022 – 2028 Imleabhair 1

Caibidil 4 I Iompar agus Soghluaiseacht

Plean Líonra Rothaíochta Mórcheantar Uirbeach Cathrach Chorcaí 2015

• Deiseanna do ghlasbhealaí agus do chiúinbhealaí ardchaighdeáin a aithint agus a uasmhéadú; • Bunaithe ar na moltaí sa Lámhleabhar Rothaíochta Náisiúnta moltar go leor cineálacha bonneagair éagsúla ag láithreacha éagsúla laistigh den líonra, lena n-áirítear: – Lánaí Rothaíochta – Sráideanna Measctha – Lánaí Rothaíochta agus Bus – Raon Rothar – Conairí Rothaíochta nó Ghlasbhealaí – Ciúinbhealaí 4.37 Tá míniú ar na téarmaí thuas le fáil sa Ghluais a ghabhann leis an bPlean seo.

4.33 Tá Plean Rothaíochta na Cathrach 2015 ionchorpraithe i SIMC agus beidh sé mar bhonn eolais do straitéis rothaíochta na Comhairle Cathrach. Ceapadh an Plean seo chun deighilt mhódúil rothaíochta a mhéadú ó bhonn íseal ag am foilsithe chun straitéis shoiléir a sholáthar d’fhorbairt an ghréasáin rothaíochta chun leibhéil níos airde de thurais rothaíochta chuig áiteanna fostaíochta, oideachais, áineasa agus fóillíochta a spreagadh. 4.34 Tá na bealaí atá leagtha amach sa phlean rothaíochta coinnithe agus nuashonraithe den chuid is mó chun príomhbhealaí nua a chur san áireamh. Ina measc seo tá bealaí ardcháilíochta leithscartha amach anseo arna bhforbairt agus arna gcomhtháthú i ndearadh agus i bhforbairt bhonneagar bóithre straitéiseacha nua agus nasc nua ó cheantair chónaithe nua i nGleann Maghair go ceantar fostaíochta straitéiseach an t-Oileáin Beag chun nascacht a fheabhsú. 4.35 Chun comhlíonadh na straitéise a chinntiú ní mór do gach forbairt nua, lena n-áirítear athruithe úsáide, a léiriú conas is féidir leo naisc fheabhsaithe a sholáthar chuig agus ó Líonra Rothaíochta Chorcaí. Déanfar raonta rothar nó lánaí rothar nua, nó uasghráduithe ar bhealaí rothaíochta, a dhearadh i gcomhréir leis an ‘Lámhleabhar Rothaíochta Náisiúnta’ (2011). Forbrófar bealaí áineasa rothaíochta saor ó charranna, bealaí rothaíochta chuig scoileanna agus Féarbhealaí freisin chun rothaíocht a chur chun cinn laistigh den chathair agus den mhórcheantar uirbeach agus beidh gá le naisc mar chuid d'fhorbairtí níos mó. 4.36 Forbraíodh an líonra molta bunaithe ar na nithe seo a leanas: • Moltaí iompair agus úsáide talún atá leagtha amach sna beartais agus sna pleananna do na limistéir ábhartha; • Measúnú ar an mbonneagar rothaíochta atá sa cheantar; • Spriocanna comhaontaithe maidir le deighilt mhódúil; • Gréasán comhleanúnach de bhealaí rothaíochta soir- siar agus thuaidh-theas trasna an cheantair a ainmniú a sholáthróidh rochtain ar gach mór-ghineadóir turas; • Rochtain tosaíochta ar réimsí fostaíochta, institiúidí acadúla, seirbhísí poiblí agus oideachas tríú leibhéal agus scoileanna. • An leibhéal nascachta is airde is féidir a sholáthar ar chonairí sainaitheanta ina bhfuil éileamh ard;

Líonra Rothaíochta Príomhúil

4.38 Tá príomhbhealaí ainmnithe mar sin toisc go mbíonn an leibhéal is airde éilimh orthu. Is gnách go mbíonn na príomhbhealaí díreacha agus cuireann siad naisc gathacha meánfhada ar fáil chuig príomhchinn scríbe ar fud Mórcheantar Chorcaí (MC). Forlíontar na bealaí seo le bealaí tánaisteacha agus friothálacha a d'fhéadfadh rochtain a sholáthar ar dhobharcheantair chónaithe. 4.39 Tugann Fíor 4.2 léiriú ar Líonra Rothaíochta Chorcaí. Tá imlíne dearg ar na Príomhbhealaí.

Bonneagar Rothaíochta agus Siúlóide ÚNI 2021-25

4.40 Sheol an ÚNI plean 5 bliana le déanaí don Bhonneagar Rothaíochta agus Siúlóide in Éirinn le buiséad de €1.8 billiún agus tá sé beartaithe go mbeidh an plean seo in ann “athrú céime a dhéanamh ar líon na ndaoine a dhéanann turais laethúla ar shiúlóid agus ar rothair, rud a chiallóidh cáilíocht na beatha agus cáilíocht an aeir a fheabhsú”. 4.41 Do Chathair Chorcaí, samhlaítear sa Phlean seo breis agus 100km d'áiseanna rothaíochta nua agus uasghrádaithe le seachadadh le linn a saolré.

116 Dréachtphlean Forbartha Chathair Chorcaí 2022 - 2028 | Imleabhar 1

Powered by