Comhthéacs Straitéiseach
1.17 Is céim thábhachtach é an Plean Forbartha Cathrach nua seo i bpleanáil straitéiseach na Cathrach i gcomhthéacs pleanála náisiúnta agus réigiúnach nua. Tá treo fhorbairt Chathair Chorcaí sa todhchaí á threorú ag an gCreat Náisiúnta Pleanála, an Straitéis Réigiúnach Spáis agus Eacnamaíochta, Plean Straitéiseach Mórcheantar Chorcaí agus Straitéis Iompair Mórcheantar Chorcaí. Leagann siad seo síos cuspóirí soiléire do dhaonra Chathair Chorcaí le fás 50% go 335,000 faoi 2040. Ní mór an uaillmhian seo a bhaint amach ar bhealach inbhuanaithe agus é mar chuspóir aige cáilíocht na beatha a fheabhsú do gach cónaitheoir, oibrí agus cuairteoir chuig Cathair Chorcaí. Déantar tuilleadh plé orthu seo sa Chroí-Straitéis.
Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na NA
1.18 Tá 17 Sprioc Forbartha Inbhuanaithe (SFI) leagtha síos ag Comhthionól Ginearálta na NA i 2015 mar threoirphlean chun forbairt níos fearr agus níos inbhuanaithe a bhaint amach do chách. Is féidir le beartais agus cuspóirí an Phlean Forbartha tacú le baint amach SFI. Tá Éire tiomanta do na SFI a bhaint amach mar atá leagtha amach sa ‘Phlean Forfheidhmithe Náisiúnta um Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe 2018- 2020’ arna fhoilsiú ag an Roinn Cumarsáide, Gníomhú ar son na hAeráide agus Comhshaoil.
Bunús Reachtaíochta don Phlean seo
1.15 Caithfidh Pleananna Forbartha cloí leis na ceanglais atá leagtha amach san Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 arna leasú agus sna Rialacháin ghaolmhara. Baineann ailt 9 go 12 den Acht le plean forbartha a dhéanamh. Ar cheann de na bunriachtanais dlí atá ag plean forbartha ná go bhfuil straitéis iomlán le leagan amach do phleanáil cheart agus d’fhorbairt inbhuanaithe an cheantair. 1.16 Ina theannta sin, caithfidh plean forbartha cloí le Treoracha Eorpacha éagsúla lena n-áirítear Treoracha a bhaineann le Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta, Gnáthóga agus Tuilte. Ní mór don Phlean cloí freisin le Treoirlínte an Aire arna n-eisiúint faoi alt 28 den Acht um Pleanáil agus Forbairt agus le haon Riachtanais Pholasaí Pleanála Sonracha (‘RPPS’) atá san áireamh ann. I Agui sín 1 tá an ráiteas a bhaineann leis an bPlean seo chun comhlíonadh an cheanglais seo a léiriú.
Foinse: Na Náisiúin Aontaithe (NA).
12
Powered by FlippingBook