Caibidil 4 I Iompar agus Soghluaiseacht
4.65 Freastalóidh bealach IÉI ar raon leathan de chinn scríbe reatha agus amach anseo lena n-áirítear úsáidí fostaíochta, institiúideacha agus miondíola, éascóidh sé aistriú córa iompair ón gcarr príobháideach le haghaidh turais ghearra agus saorfaidh sé acmhainn ar bhóithre artaireacha le haghaidh seirbhísí bus. Nascfaidh an IÉI stáisiún straitéiseach Páirceáil agus Taisteal in aice le Baile an Chollaigh chun turais traschathrach a laghdú, éascóidh sé freisin leibhéil níos airde siúlóide agus rothaíochta mar chuid de thurais nasctha le hiompar poiblí agus laghdóidh sé torann agus astuithe a bhaineann le hiompar.
• Ospidéal na hOllscoile, Corcaigh (OOC); • Coláiste na hOllscoile, Corcaigh (COC); • Lár na Cathrach; • Stáisiún an Cheanntaigh / Dugthailte Chorcaí Thuaidh; • Dugthailte Theas Chorcaí; agus • Machain. 4.67 Níl cinneadh ar ailíniú bealaigh deiridh IÉI agus suíomh iosta aitheanta go fóill. Tá gá le ailíniú bealaigh cinntitheach chun an cumas is fearr a bhaint as dlúis chuí a sholáthar do shuímh forbartha ag láithreacha feadh an bhealaigh agus chun coinbhleacht le tograí forbartha atá ag teacht chun cinn a sheachaint. 4.68 Cuirfear cosaintí cuí i bhfeidhm laistigh de na conairí staidéir agus dlúis forbartha cuí chun indéantacht fhadtéarmach an bhealaigh bheartaithe a chinntiú. A luaithe a shainaithnítear an rogha bealaigh atá ag teacht chun cinn déanfar athrú ar an bplean seo chun an bealach a chosaint.
Bealach Beartaithe
4.66 Léiríonn topagrafaíocht agus dáileadh na ngineadóirí agus na n-tarraingeoirí turais atá ann cheana féin, in éineacht leis na limistéir deiseanna forbartha a bheartaítear laistigh de Chathair Chorcaí agus na bruachbhailte, an inmhianaitheacht do bhealach líneach ó Bhaile an Chollaigh san iarthar go Machain san oirthear, trí Lár Chathair Chorcaí. Ní mór na láithreacha seo a leanas a bheith laistigh de dhobharcheantar an chórais iarnróid éadroim sa todhchaí: • Baile an Chollaigh; • Páirc Eolaíochta agus Nuálaíochta Chorcaí (PENC) atá molta; • Ollscoil Theicneolaíochta na Mumhan (OTM);
124 Dréachtphlean Forbartha Chathair Chorcaí 2022 - 2028 | Imleabhar 1
Powered by FlippingBook