Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022 – 2028 Imleabhair 1

Caibidil 4 I Iompar agus Soghluaiseacht

Iarnród Fo-uirbeach Molta

SALLYBROOK

FRANKFIEL

CORK AIRPORT

Fíor 4.8: Iarnród Fo-uirbeach Táscach.

Iostaí Stórála & Cothabhála Iompar Poiblí

Seirbhísí Idirchathrach

4.74 Is é conair iarnróid Chorcaí-Bhaile Átha Cliath an phríomhsheirbhís Idirchathrach sa Stát i dtéarmaí pátrúnachta agus minicíochtaí.

4.71 Méadófar go mór an flít bus a fhreastalaíonn ar an gCathair chun freastal ar an bhfeabhsú ar na seirbhísí a bhfuiltear ag súil leis i SIMC. Tá ró- acmhainn san iosta reatha ag Tobar an Chaipín agus tá gá le athsholáthair iosta sa ghearrthéarma. 4.72 Beidh iostaí Iarnróid Éadrom ag teastáil freisin. Oibreoidh Comhairle Cathrach Chorcaí le grúpa CIÉ, an ÚNI agus BIÉ chun bunáiteanna sealadacha agus buana araon a aithint do na flít faoi seach ag céim luath tar éis glacadh leis an bplean seo. 4.73 Tá suíomh na n-áiseanna sin i gCúlchríoch na Cathrach inghlactha faoi réir riachtanas inléirithe agus gnáthchúinsí pleanála agus comhshaoil.

4.75 Molann an Plean Forbartha Náisiúnta agus an Tuarascáil Athbhreithnithe Iarnróid 2016 roinnt feabhsuithe ábhartha ar an líne seo lena n-áirítear iad seo a leanas: • Scrúdú ar dheiseanna chun amanna turais a fheabhsú agus infheistíocht in iarnród ardluais idir Béal Feirste, Baile Átha Cliath, Acomhal Luimnigh agus Corcaigh. • Deiseanna a scrúdú chun minicíocht seirbhísí Idirchathrach a mhéadú ag buaic-amanna idir Corcaigh agus Baile Átha Cliath; • Leictriú na líne iarnróid a luaithe a bheidh na carráistí Idirchathrach reatha níos faide ná a saolré úsáideach arna meas faoi lár na 2020idí; agus • Am turais Idirchatrach idir Baile Átha Cliath agus Corcaigh a fheabhsú go 2 uair ar a laghad;

126 Dréachtphlean Forbartha Chathair Chorcaí 2022 - 2028 | Imleabhar 1

Powered by