Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022 – 2028 Imleabhair 1

Caibidil 4 I Iompar agus Soghluaiseacht

• Chomh maith le feabhsuithe sa tseirbhís Corcaigh- Baile Átha Cliath, tacaíonn Comhairle Cathrach Chorcaí le forbairt seirbhíse iarnróid díreach agus rialta feabhsaithe idir Corcaigh agus Luimneach.

4.82 Nuair a bheartaítear forbairt nó oibreacha ar thalamh atá buailte le hiarnród nó le conair iarnróid éadroim, ba chóir go rachfaí i gcomhairle le hIarnród Éireann nó le hoibreoir an Iarnróid Éadrom go luath sa phróiseas pleanála.

Forbairt Nua i gceantair a bhfreastalaíonn Iompar Poiblí Ardchaighdeáin orthu

Inrochtaineacht Iompar Poiblí do dhaoine faoi mhíchumas

4.76 Caithfidh forbairtí nua tráchtála agus tithíochta sna ceantair seo ligean do bhealaí rochtana leanúnacha, díreacha do choisithe agus do rothair ó na comharsanachtaí máguaird go stáisiúin iarnróid agus acomhail iompair phoiblí. 4.77 Tá gá le héadanas gníomhach leanúnach feadh cosáin isteach do choisithe chuig na háiseanna seo. 4.78 Ní mór cosáin isteach do choisithe ó fhorbairtí nua a fhorbairt le línte radhairc soiléire chuig agus ó fhoirgnimh stáisiúin iarnróid, agus chuig agus ó acomhail iompair phoiblí.

4.83 Is féidir le neamh-inrochtaineacht ar Iompar Poiblí a bheith ina bac agus cosc a chur ar dhaoine faoi mhíchumas leas a bhaint as Iompar Poiblí. Tá Comhairle Cathrach Chorcaí ar an eolas faoin ngá atá le rochtain ar iompar poiblí a fheabhsú do gach úsáideoir.

Bonneagar Iompair Phoiblí Nua

4.84 Ní mór gnéithe inrochtaineachta, mar rochtain do chathaoireacha rothaí agus áiseanna chlosamhairc, a chur isteach i ngach tionscadal bonneagair iompair phoiblí agus feithiclí ón gcéim dearaidh ina theannta sin ní mór inrochtaineacht do stáisiúin agus stadanna a ionchorprú ag an gcéim deartha.

Bonneagar iompair phoiblí agus an timpeallacht ghlactha

4.79 Is féidir le réamhchúirteanna stáisiúin iarnróid agus stáisiúin idirmhalartaithe iompair phoiblí a bheith ina bpríomhchuid den ríocht phoiblí agus ba chóir iad a fhorbairt ar bhealach a cheadaíonn leibhéil arda de ghníomhaíocht coisithe. 4.80 Sa chás go bhfuil gníomhaíochtaí tráchtála beartaithe mar chuid d’fhorbairt atá bunaithe ar iompar, ba cheart machnamh a dhéanamh ar na húsáidí seo ar nós siopa áise a lonnú gar do phointe iontrála an stáisiúin chun foráil a dhéanamh d’fhaireachas neamhfhoirmiúil agus chun braistintí sábháilteachta a mhéadú. 4.81 Sa chás go bhfuil páirceáil comaitéireachta beartaithe ba chóir iad seo a lonnú amach ó na príomhbhealaí isteach do choisithe chuig na stáisiúin chun ligean do ghluaiseacht gan bhac.

Sean-Bhonneagar

4.85 Is eol do Chomhairle Cathrach Chorcaí go bhfuil saincheisteanna oidhreachta ann maidir le bonneagar agus áiseanna níos sine go háirithe Stáisiún an Cheanntaigh. 4.86 Cé go bhfuil feabhas tagtha ar rochtain ar an Stáisiún do dhaoine faoi mhíchumas le blianta beaga anuas tá deacrachtaí fós ag roinnt réimsí den choimpléasc do dhaoine faoi mhíchumas go háirithe an t-ardán cuartha a sholáthraíonn rochtain ar thraenacha ar na Bealaí Comaitéireachta Idirchathrach agus Thuaidh. 4.87 Rachaidh Comhairle Cathrach Chorcaí in éineacht le Iarnród Éireann agus ÚNI i ngleic le feabhas a chur ar rochtain ar an gceantar seo go luath i rith shaolré an phlean seo d’úsáideoirí cathaoireacha rothaí agus do dhaoine le lagú luaineachta nó radhairc.

127 Dréachtphlean Forbartha Chathair Chorcaí 2022 - 2028 | Imleabhar 1

Powered by