Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022 – 2028 Imleabhair 1

Caibidil 1 I Réamhrá

Tionscadal Éireann 2040

1.19 Is é Tionscadal Éireann 2040 straitéis

uileghabhálach fhadtéarmach an Rialtais chun ‘Éirinn a dhéanamh ina tír níos fearr dá muintir go léir’. Cuimsíonn sé seo an Plean Forbartha Náisiúnta 2018-2027 agus an Creat Náisiúnta Pleanála (CNP) - straitéis ardleibhéil chun forbairt agus infheistíocht in Éirinn a threorú suas go dtí 2040. Socraíonn Tionscadal Éireann 2040 spriocanna uaillmhianacha fáis do Chathair Chorcaí bunaithe ar fhís de straitéis réigiúnach chun frithchothromaíocht a sholáthar do Bhaile Átha Cliath. Leagann an CNP amach deich dTorthaí Straitéiseacha Náisiúnta, atá mar bhonn don Phlean seo.

Torthaí Straitéiseacha Náisiúnta

Foinse: Creat Náisiúnta Pleanála (CNP).

Straitéis Réigiúnach Spáis agus Eacnamaíoch an Deiscirt

1.20 Is creat forbartha réigiúnach straitéiseach é an SRSE a thacaíonn le Tionscadal Éireann 2040 agus an CNP. Leagann sé amach céimlathas lonnaíochta agus eacnamaíoch don réigiún agus treisíonn sé na Torthaí Straitéiseacha Náisiúnta le Cuspóirí Pleanála Réigiúnacha. Tá ceanglas dlíthiúil ar phleananna forbartha a bheith comhsheasmhach leis an Straitéis Réigiúnach Spáis agus Eacnamaíoch.

Foinse: Straitéis Réigiúnach Spáis & Eacnamaíochta an Deiscirt

13 Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022-2028 I Imleabhar 1

Powered by