Caibidil 4 I Iompar agus Soghluaiseacht
• Athbhreithniú a dhéanamh ar phraghsáil agus tréimhsí páirceála; • Cumhdach rialuithe criosanna páirceála a leathnú ar fud na Cathrach agus na
Páirceáil ar an tSráid
4.107 Leanfaidh Comhairle Cathrach Chorcaí ag laghdú na leibhéil pháirceála ar an tsráid sa chathair agus i lár na mbailte uirbeacha thar shaolré an phlean chun freastal ar raon leathan de bhearta iompair inbhuanaithe lena n-áirítear tosaíocht bus, leataobh, áiseanna trasnaithe níos sábháilte, suíocháin, lána rothaíochta in aghaidh an tsrutha, páircín, scéimeanna roinnte rothar agus páirceáil rothar. 4.108 Déanfar spásanna breise ar an tsráid a athchóiriú chun tacú le scéimeanna bainistíochta tuilte agus feabhsuithe ar an ríocht phoiblí lena n-áirítear crainn sráide, cosáin níos leithne agus áiseanna áineasa. Sa chás go gcuirtear páirceáil ar an tsráid ar fáil chun tacú le feidhmeanna eacnamaíocha lár na Cathrach agus na mbailte Uirbeacha, beidh an bhéim ar thacú le hathrú tapa spásanna chun a chinntiú go mbeidh spásanna ar fáil go héasca do na gnólachtaí sin atá ag brath orthu. 4.109 I gceantair chónaithe, beidh sé mar chuspóir páirceáil chomaitéireachta a chuireann le strus páirceála agus cleachtais pháirceála neamhshábháilte díreach lasmuigh de chriosanna páirceála íoctha a dhíspreagadh, agus chun spás cois cosáin a shaoradh trí roghanna eile a chur ar fáil seachas úinéireacht carranna príobháideacha. 4.110 Feidhmíonn Comhairle Cathrach Chorcaí córas íocpháirceála chun íoc do pháirceáil ar an tsráid. Déanfar athbhreithniú ar infhaighteacht agus ar struchtúr praghsála do pháirceáil ar an tsráid laistigh den Chathair agus de na Bailte Uirbeacha de réir mar a leathnófar bearta SIMC d’fhonn bogadh i dtreo córais níos cliste agus níos so-úsáidte a éascaíonn láimhdeachas spásanna níos gasta. 4.111 Seo a leanas an cur chuige molta do pháirceáil ar an tsráid: • Athbhreithniú rollach cuimsitheach a dhéanamh ar an spás atá ar fáil ó cholbha an chosáin i lár na Cathrach agus na mBailte Uirbeacha chun tuiscint a fháil ar an gcaoi a bhfuil an spás á úsáid agus measúnú a dhéanamh air i gcoinne riachtanais reatha agus riachtanais amach anseo, lena n-áirítear cur i bhfeidhm bus agus iarnróid éadroim. Córais cliste praghsála bunaithe ar fheidhmíocht a úsáid i lár na cathrach agus na mbailte chun a chinntiú go n-úsáidtear spásanna go héifeachtach ach go bhfuil siad ar fáil go héasca chun críocha neamhchomaitéireachta lena n-áirítear siopadóirí;
mBailte Uirbeacha chun spás a chosaint do chónaitheoirí, dul i ngleic le páirceáil mhídhleathach agus chun cosc a chur ar pháirceáil comaitéireachta agus cineálacha eile páirceála fadchuairte.
• Cuirfear méaduithe de réir a chéile ar phraghas na gceadúnas i bhfeidhm, go háirithe i limistéir ina bhfuil roghanna páirceála eas-sráide ar fáil go héasca; agus
• Roghanna eile seachas úinéireacht carranna príobháidí a éascú lena n-áirítear níos mó bánna sainithe ar an tsráid a sholáthar do chlubanna roinnte carranna, córais roinnte rothar agus bearta dá samhail.
Páirceáil Eas-sráide
4.112 Is é príomhchuspóir na mbeart páirceála eas-sráide ná spás ó cholbha an chosáin a shaoradh laistigh de lár na cathrach agus na mbailte agus tacú le córas iompair phoiblí inbhuanaithe. Pléitear níos luaithe sa Chaibidil seo an cur chuige chun aghaidh a thabhairt ar na hábhair seo i bhfoirm Áiseanna Páirceála agus Taistil agus Mol Soghluaisteachta Áitiúla.
Pointí Luchtaithe Feithicle Leictrí
4.113 Éascófar soláthar spásanna páirceála do luchtú feithiclí leictreacha ag láithreacha cuí.
131 Dréachtphlean Forbartha Chathair Chorcaí 2022 - 2028 | Imleabhar 1
Powered by FlippingBook