Caibidil 4 I Iompar agus Soghluaiseacht
4.118 Ina theannta sin, feidhmeoidh Cathair Chorcaí mar cheann aistir do: • Tionscadal M28 a fheabhsóidh rochtain ar Rinn an Scidígh ón gCathair agus níos faide; agus • Tionscadal N/M20 a dhéanfaidh soláthar do nascacht fheabhsaithe idir Cathair Chorcaí agus Luimneach.
Bóithre
4.114 Tá cur chun cinn modhanna inbhuanaithe taistil, agus spreagadh d’athrú modha ón gcarr príobháideach ina phríomhghealltanas sa phlean seo. Aithnítear, áfach, go bhfuil áit lárnach ag an mbonneagar bóithre i líonra iompair iomlán Chathair Chorcaí, ag freastal ar ghluaiseacht busanna, feithiclí earraí, coisithe, rothaithe, chomh maith leis an gcarr príobháideach. Le linn shaolré an phlean seo déanfaidh Comhairle Cathrach Chorcaí a dícheall bonneagar bóithre dóthanacha a rolladh amach chun forbairt inbhuanaithe eacnamaíoch na Cathrach a chinntiú. 4.115 Tá gá le roinnt feabhsuithe tábhachtacha bóithre chun gluaiseacht earraí agus daoine laistigh agus lasmuigh den Chathair a éascú agus chun rochtain éasca a chinntiú, go háirithe do mhórlimistéir forbartha nua. 4.116 Beidh sé mar aidhm go ndéanfaidh gach tionscadal bóithre foráil do sholáthar feabhsaithe d’iompar poiblí, rothaithe agus coisithe, de réir mar is cuí. 4.117 I measc na dtionscadal bóithre atá beartaithe do Chathair Chorcaí tá: • Bóthar dáileacháin an tuaiscirt; agus • Bóthar dáileacháin an deiscirt.
Bóthar Dáileacháin an Tuaiscirt
4.119 Aithníonn SIMC an gá atá le bonneagar líonra bóithre breise ar an taobh thuaidh de Chathair Chorcaí chun freastal ar rochtain ar thailte forbartha pleanáilte, naisc siúil agus rothaíochta a sholáthar, rochtain ar bhealaí iompair phoiblí gathacha, soláthar iompair phoiblí chuar, agus fáil réidh le roinnt tráchta straitéiseach ó Lár Chathair Chorcaí.
4.120 Beidh an bóthar nua seo i bhfoirm bóthar
dáileacháin dá ngairtear Bóthar Dáileacháin an Tuaiscirt Chorcaí (BDTC). Tá sé seo éagsúil le Cuarbhóthar Thuaidh Chorcaí (N40 ó thuaidh), atá leagtha amach thíos sa Chaibidil seo, a scrúdóidh Bonneagar Iompar Éireann.
131 Dréachtphlean Forbartha Chathair Chorcaí 2022 - 2028 | Imleabhar 1
Powered by FlippingBook