Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022 – 2028 Imleabhair 1

Caibidil 4 I Iompar agus Soghluaiseacht

4.121 Is cuspóir gearrthéarmach é Bóthar Dáileacháin an Tuaiscirt Chorcaí agus meastar é a bheith ina ‘chumasóir criticiúil’ do SIMC mar: • Cruthaíonn sé deiseanna le haghaidh forbairt inbhuanaithe na cúlsoláthar talún atá ann cheana féin i Mhórcheantar Uirbeach Cathrach Chorcaí Thuaidh lena n-áirítear Ceantar Leathnaithe Uirbeach Bhaile Uí Mhulláin; • Éascaíonn sé leathadh amach bearta iompair inbhuanaithe lena n-áirítear seirbhísí iompair phoiblí do cheantar na Cathrach Thuaidh; • Éascaíonn sé tabhairt isteach cosc HGV laistigh de Lár na Cathrach; • Freastalaíonn sé ar riachtanais an éilimh ar thrácht áitiúil sa MUC thuaidh; agus • Ligeann sé íosghrádú a dhéanamh ar bhealaí náisiúnta ag teacht isteach i gCathair Chorcaí, rud a cheadaíonn mar sin tosaíocht a thabhairt do mhodhanna inbhuanaithe ar na bealaí seo. 4.122 Soláthróidh Bóthar Dáileacháin an Tuaiscirt Chorcaí (BDTC) cuarbhealach do bhus, do choisithe, do rothaithe agus do roinnt tráchta straitéiseach agus ginearálta agus laghdóidh sé spleáchas ar bhealaí gathacha trí Lár na Cathrach.

Molann SIMC go gcuirfeadh an BDTC nascacht ar fáil ag an taobh thiar chun dul isteach leis an N22 atá ann cheana féin. 4.123 Chun é seo a bhaint amach, bheadh ar an nasc aghaidh a thabhairt ar roinnt ceisteanna topagrafacha agus comhshaoil lena n-áirítear an Laoi agus an tuilemhá a bhaineann leis agus an gá le droichead nua. Beidh gá le measúnú breise ar an ailíniú deiridh chun aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní seo agus ar an riachtanas nascacht cuar a sholáthar idir Taobh Thuaidh Chorcaí agus príomhchinn scríbe lena n-áirítear OOC, ITC, an Linn Dubh agus Dugaí Tivoli. 4.124 Agus an Plean Forbartha Cathrach seo á scríobh, tá comhairleoirí ceaptha ag Comhairle Cathrach Chorcaí chun an bóthar nua a mheas agus a dhearadh agus tá roinnt roghanna bealaigh ag teacht chun cinn.

132 Dréachtphlean Forbartha Chathair Chorcaí 2022 - 2028 | Imleabhar 1

Powered by