Caibidil 4 I Iompar agus Soghluaiseacht
Bóthar Ceangail Dáileacháin an Deiscirt (BCDD)
4.128 Iompraíonn an N40 cuid shuntasach de thurais soir- siar i gCeantar na Cathrach Theas faoi láthair agus tá sé ag feidhmiú thar acmhainn. 4.129 Mar gheall ar an ró-spleáchas seo ar an N40 do thurais feithiclí príobháideacha mar aon le nascacht iompair inbhuanaithe teoranta, tá brú tráchta suntasach ag roinnt caolas bóthair lena n-áirítear Sráidbhaile Dúglas agus Timpeallán Bhóthar Chionn tSáile. Chun aghaidh a thabhairt ar an easnamh suntasach i nascacht áitiúil i gceantar an Phurláin Theas, tá an riachtanas do BCDD cuimsitheach ilmhódach sainaitheanta ag SIMC. Cuimseoidh an BCDD droichead nua Dúglas, uasghrádú ar na bóithre atá ann cheana féin lena n-áirítear Bóthar na Gráinsí agus bóthar nua chun an N27 a nascadh le Bóthar an tSáirséalaigh. 4.130 Agus an Plean Forbartha Cathrach seo á scríobh, tá comhairleoirí ceaptha ag Comhairle Cathrach Chorcaí chun an bóthar nua a mheas agus a dhearadh agus tá roinnt roghanna bealaigh ag teacht chun cinn.
4.125 Aithnítear Bóthar Ceangail Dáileacháin an Deiscirt go sonrach i SIMC mar cheann de líon teoranta tionscadal nua bunaithe ar bhóithre a theastaíonn chun gluaiseacht inbhuanaithe daoine, earraí agus seirbhísí a éascú, agus chun cuspóirí iompair phoiblí, siúlóide, rothaíochta agus bainistíochta tráchta a chomhlánú. 4.126 Is comhpháirt ríthábhachtach den SIMC é Bóthar Ceangail Dáileacháin an Deiscirt agus is nasc bóthair nua molta é idir an N27 agus Bóthar an tSáirséalaigh a bhfuil an poitéinseal aige nasc a dhéanamh freisin leis an N71 trí Lehenaghmore agus Spur Hill agus d’fhéadfadh sé nascacht fheabhsaithe a sholáthar d’Aerfort Chorcaí chomh maith le pointe rochtana tánaisteach féideartha. 4.127 Ní chuimsíonn an gréasán bóithre reatha laistigh de limistéar staidéir BCDD nasc díreach soir-siar idir an taobh theas de Bhóthar an tSáirséalaigh agus an N27. Taistealaíonn úsáideoirí bóithre ar mian leo taisteal idir Bóthar an tSáirséalaigh agus an N27 bealach timpeallach feadh Spur Hill, Bóthar an Tóchair, Bóthar Lehenaghmore agus Cnoc na Ceártan, nó mar mhalairt air sin úsáideann siad an N40 ó thuaidh.
133
Dréachtphlean Forbartha Chathair Chorcaí 2022 - 2028 | Imleabhar 1
Powered by FlippingBook