Caibidil 4 I Iompar agus Soghluaiseacht
M28
4.134 Soláthróidh an tionscadal N/M20 Corcaigh go Luimneach nascacht níos fearr idir an dara agus an tríú cathair is mó in Éirinn ag cumasú amanna turais níos sábháilte agus níos éifeachtaí. 4.135 Tá an tionscadal ag Céim 2 Rogha Roghnúcháin faoi láthair. Sainaithníodh roinnt Roghanna agus tá Rogha Roghnaithe le roghnú go luath i 2022. 4.136 Cuirfear cosaintí cuí i bhfeidhm laistigh den chonair staidéir chun féidearthacht fhadtéarmach an bhealaigh mholta a chinntiú sa Phlean Forbartha seo agus a luaithe a shainaithnítear an rogha bealaigh atá ag teacht chun cinn déanfar athrú ar an bplean seo chun an bealach a chosaint. 4.137 Chomh maith le feabhsuithe bóithre-bhunaithe, tá sraith feabhsuithe bunaithe ar iarnród á scrúdú freisin agus pléitear iad sna codanna roimhe seo den chaibidil seo.
4.131 Nascann Príomhbhealach Náisiúnta an N-28 Rinn an Scidígh le Cathair Chorcaí agus ar aghaidh leis an ngréasán bóithre réigiúnach agus náisiúnta níos leithne. Tá sé beartaithe Mótarbhealach nua M28 a thógáil ó Chorcaigh go Rinn an Scidígh ó acomhal reatha N28 N40 Gort na mBláth ar an gCuarbhóthar Theas go sráidbhaile Rinn an Scidígh. Fanfaidh an bóthar nua ar líne ag baint úsáide as an N28 atá ann ó acomhal Gort na mBláth go Cnoc Carr agus as sin rachaidh an bealach as líne chuig an iarthar áit a gcríochnóidh sé ag saoráid nua Chalafort Chorcaí i Rinn an Scidígh. 4.132 Cuimsítear sa Scéim Mótarbhealaigh uasghráduithe coimhdeacha ar an ngréasán bóithre áitiúla. D’fhéadfadh forbairt nó ar a laghad scála na forbartha i gcomharsanacht na scéime seo a bheith ag brath ar uainiú agus seachadadh na scéime seo agus uasghráduithe coimhdeacha.
N/M20 Corcaigh go Luimneach
4.133 Tá an Tionscadal N/M20 Corcaigh go Luimneach ina phríomhghné de Thionscadal Éireann 2040 agus sainaithníodh é mar chumasóir mór d’fhorbairt réigiúnach chothromaithe.
135
Dréachtphlean Forbartha Chathair Chorcaí 2022 - 2028 | Imleabhar 1
Powered by FlippingBook