Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022 – 2028 Imleabhair 1

Caibidil 4 I Iompar agus Soghluaiseacht

Fíor 4.11: Amharc ón aer ar Acomhal Dhún Citil. Foinse: Bonneagar Iompair Éireann.

Soghluaisteacht Uisce-iompartha

Aerfort Chorcaí

4.144 Déanfaidh athlonnú Áiseanna Calafoirt amach ón gCathair cúlsoláthar talún suntasacha a shaoradh le haghaidh tithíochta agus fostaíochta agus beifear in ann comharsanachtaí uirbeacha dlúth, bríomhara a chruthú i nDugthailte Chorcaí. Beidh sé seo lárnach do réadú na n-uaillmhianta suntasacha daonra agus tithíochta do Chorcaigh atá sa Chreat Náisiúnta Pleanála (CNP). 4.146 Leis an méadú ar an talamh atá ar fáil mar gheall ar athlonnú oibríochtaí calafort a bhfuiltear ag súil leis, breithneoidh Comhairle Cathrach Chorcaí ar bearta chun tacú le roghanna eile nuálacha uisce-iompartha a d’fhéadfadh deis a thabhairt chun cur le modhanna iompair poiblí talamhbhunaithe atá ann cheana féin agus atá beartaithe agus modhanna soghluaisteachta inbhuanaithe eile. Measann Comhairle Cathrach Chorcaí go bhfuil an poitéinseal ag soghluaisteacht uisce-iompartha a bheith ina nasc comhlántach éifeachtach sa chóras Iompair Uirbeach.

4.147 Is sócmhainn straitéiseach tábhachtach don Chathair é Aerfort Idirnáisiúnta Chorcaí agus is tiomántóir eacnamaíoch tábhachtach é do Réigiún an Deiscirt i gcoitinne. Tá ról lárnach aige maidir le rochtain ar an réigiún ón mBreatain agus ó chinn scríbe eile san Eoraip go háirithe. Leagann pleananna reachtúla comhleantacha creat amach do limistéar oibriúcháin Aerfort Idirnáisiúnta Chorcaí. Ullmhaíodh iad seo chun críche forbairt Aerfort Chorcaí a éascú trí thalamh a aithint do riachtanais oibriúcháin an aerfoirt sa todhchaí agus an talamh seo a chosaint ó fhorbairt mhíchuí. Scrúdaíonn an Rannóg ar Aerfort Idirnáisiúnta Chorcaí i gCaibidil 10 den Phlean seo riachtanais úsáid talún na háise seo sa todhchaí agus leagann sé amach polasaithe chun é a choinneáil sa todhchaí.

136 Dréachtphlean Forbartha Chathair Chorcaí 2022 - 2028 | Imleabhar 1

Powered by