Caibidil 4 I Iompar agus Soghluaiseacht
MICB - Measúnaithe Iompair Ceantar-Bhunaithe
Bainistíocht Iompair agus Forbartha
4.148 Tá Measúnaithe Iompair Ceantarbhunaithe (MICB) ar cheann de roinnt próiseas measúnaithe comhlántach a úsáidtear in ullmhú pleananna úsáide talún, scéimeanna pleanála agus máistirphleananna. 4.149 Is iad príomhchuspóirí MICB ná le chinntiú go n-imríonn measúnú ar éileamh iompair agus an tionchar a bhaineann leis ról lárnach maidir le heolas a thabhairt do scála foriomlán na forbartha do limistéar ar leith, chomh maith le meascán úsáidí talún, láthair forbartha, dlús, céimniú agus dearadh/seachadadh bonneagair iompair tacaíochta /seirbhísí thar gach modh iompair. 4.150 Cuireann MICB comhtháthú na pleananna úsáide talún agus iompair i gcroílár phróiseas ullmhúcháin an Phlean. Maidir le comhtháthú beartais ón leibhéal náisiúnta síos go dtí an leibhéal áitiúil, is féidir le MICB nasc a sholáthar idir beartais agus cuspóirí iompair náisiúnta agus réigiúnacha isteach i bpleananna úsáide talún ar an leibhéal áitiúil agus i limistéir forbartha suntasacha. 4.151 Ligeann siad freisin ceanglais a aithint ag na céimeanna is luaithe den phleanáil ar an leibhéal áitiúil, chun tacú le saincheisteanna tras-earnála a bhaineann le comhshaol, fostaíocht, oideachas, áineas, sláinte agus tithíocht.
4.153 Beidh inmharthanacht agus rathúlacht deiridh SIMC agus na feabhsuithe iompair a bhaineann leis mar bhonn agus mar thaca ag Caighdeáin Bhainistíochta Forbartha bhreise ar leith. Áireoidh sé seo na nithe seo a leanas: • Measúnaithe Tionchair Tráchta agus Iompair; • Spreagfar Pleananna Taistil don Ionad Oibre le haghaidh forbairtí nua, fostóirí móra, scoileanna agus ollscoileanna. 4.154 Pléitear iad seo go mion i gCaibidil 11: Comhfhorbairt Áite agus Bainistiú Forbartha. 4.155 Admhaíonn Comhairle Cathrach Chorcaí gur foilsíodh Staidéar ar Bhainistiú ar an Éileamh Iompar na Cúig Chathair (BÉI) le déanaí. Cabhróidh an Staidéar le Comhairle Cathrach Chorcaí tuiscint níos fearr a fháil ar cad a thiomáineann éileamh iompair agus conas is féidir aistriú níos mó chuig cineálacha taistil níos inbhuanaithe agus níos sláintiúla a spreagadh inár gcathair. Fáiltítear roimh an staidéar mar acmhainn luachmhar mar go n-oibríonn Comhairle Cathrach Chorcaí le polasaí bainistíochta éileamh comhlántach a chur i bhfeidhm ag leibhéal straitéiseach ar fud na cathrach agus ag leibhéal níos mine áit a gcabhróidh sé le hullmhú creatphleananna áitiúla. Leagann an Staidéar ar Bhainistiú ar an Éileamh Iompair (BÉI) amach treochlár do thodhchaí níos fearr dóibh siúd go léir a thugann cuairt ar, a chónaíonn, a oibríonn agus a dhéanann staidéar inár gcathair.
4.152 Tacaíonn an Plean Forbartha le húsáid
Measúnaithe Iompair Ceantar-Bhunaithe (MICB) a chomhtháthaíonn beartais agus cuspóirí iompair náisiúnta agus réigiúnacha isteach i bpleananna úsáide talún ag leibhéal áitiúil agus i limistéir shuntasacha forbartha in ullmhú Creataí Forbartha do cheantair áitiúla ar fud na cathrach.
137
Dréachtphlean Forbartha Chathair Chorcaí 2022 - 2028 | Imleabhar 1
Powered by FlippingBook