Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022 – 2028 Imleabhair 1

Chapter 4 I Transport and Mobility

Cuspóirí Forbartha Iompair agus Soghluaisteachta

Cuspóir Straitéiseach 3 Iompar agus Soghluaisteacht

Tacú le cur i bhfeidhm Straitéis Iompair Mórcheantar Chorcaí (SIMC)

Tacú le nascacht idirnáisiúnta, náisiúnta agus réigiúnach trí thacú le feidhmiú agus le forbairt Aerfort Chorcaí agus le hathlonnú Chalafort Chorcaí go Cuan Chorcaí.

Úsáid talún agus pleanáil iompair a chomhtháthú le gluaiseacht a fheabhsú do chách ar fud Chathair Chorcaí. Feidhmiú líonraí agus sócmhainní iompair réigiúnacha náisiúnta agus straitéiseacha a chosaint, a fheabhsú agus a chothabháil. Iompar inbhuanaithe a chur chun cinn agus a chur in ord tosaíochta lena n-áirítear taisteal gníomhach (siúl agus rothaíocht) agus iompar poiblí; tabharfar tús áite d'fhorbairt tithíochta agus fostaíochta in áiteanna ar féidir freastal air trí shiúl, rothaíocht agus iompar poiblí. Tacóidh Comhairle Cathrach Chorcaí le comhtháthú taistil ilmhódúil, soghluaiseacht chliste agus gréasáin iompair agus seirbhísí atá inrochtana do chách a sheachadadh. Éileofar ar mholtaí d’fhorbairt nua i gCathair Chorcaí an gá atá le carr príobháideach a íoslaghdú, tús áite a thabhairt do shiúl, do rothaíocht agus d’iompar poiblí, a bheith tréscaoilteach, sábháilte agus slán don siúl agus don rothaíocht agus nuair is féidir soláthar a dhéanamh do thréscaoilteacht scagtha. Soláthróidh forbairtí nua bonneagar d’Fheithiclí Leictreacha laistigh de na forbairtí. Déanfaidh moltaí forbartha soláthar do rochtain éasca ar thaitneamhachtaí áitiúla agus ar áiseanna oideachais. Beidh ar mholtaí d’fhorbairt nua a dtionchar ar na gréasáin iompair atá ann faoi láthair a léiriú, ar comhfhad le nádúr agus scála na forbartha. Beidh gá le pleananna bainistithe soghluaisteachta le haghaidh forbairtí a dhéanfaidh freastal ar líon mór daoine a chónaíonn, a oibríonn nó a úsáideann an fhorbairt ar bhealach eile. Beidh gach togra forbartha nua faoi réir uaschaighdeáin pháirceála chun aistriú córa iompair níos mó a bhaint amach agus patrúin iompair inbhuanaithe a chur chun cinn. Sna láithreacha ina bhfuil an déine forbartha is airde, féadfaidh Comhairle Cathrach Chorcaí cur chuige a mheas a chuireann teorainn ar pháirceáil ar fud an cheantair trí Mheasúnuithe Iompair Ceantar-bhunaithe (MICB).

Tacófar le seachadadh na bpríomhthionscadail iompair i SIMC trí bheartais úsáid talún agus céimniú na forbartha atá ag teacht leo siúd i dtorthaí úsáid talún SIMC.

139

Dréachtphlean Forbartha Chathair Chorcaí 2022 - 2028 | Imleabhar 1

Powered by