Caibidil 4 I Iompar agus Soghluaiseacht
SIMC Oibreoidh Comhairle Cathrach Chorcaí I gcomhar leis an ÚNI, BIÉ agus Comhairle Contae Chorcaí chun Straitéis Iompair Mórcheantar Chorcaí a chur I bhfeidhm go hiomlán faoi réir miondearadh innealtóireachta agus breithnithe comhshaoil, lena n-áirítear na tionscadail agus na cláir maidir le siúl, rothaíocht, iompar poiblí, BusConnects, iarnród fo- uirbeach, iarnród éadrom, páirceáil agus taisteal agus bonneagar bóithre, lena n-áirítear an Bóthar Dáileacháin an Thuaiscirt agus an Nascbhóthar Dáileacháin an Deiscirt
Taisteal Gníomhach Siúlóid agus rothaíocht a chur chun cinn go gníomhach mar mhodhanna iompair atá éifeachtach, sláintiúil agus neamhdhíobhálach don chomhshaol trí forbairt gréasán rotharbhealaí agus cosáin atá díreach, compordach, áisiúil agus sabháilte a fhorbairt ar fud na cathrach. Tacaíocht a thabhairt do choincheap na cathrach 15 nóiméad agus comharsanachtaí insiúlta ina bhfuil bonneagar siúil agus rothaíochta imleor ceangailte le heilimintí den ríocht phoiblí d’ardchaighdeán, lena n -áirítear aimsiú bealaigh agus áiseanna tacaíochta (binsí, scairdeáin uisce, seastáin rothair). Tacú le leathnú scéim Rothar Chorcaí. Chun freastal ar nuálaíochtaí eile cosúil le rothair leictreacha, fruiliú gluaisteán poiblí, agus réitigh eile a spreagfaidh taisteal gníomhach. Tacú le rolladh amach Phlean Rothaíochta 5 Bliana an ÚNI. Tacú leis an gclár Bealaí Sábháilthe chun na Scoile agus dul i ngleic leis.
Stráitéis Gluaiseachta Chathair Chorcaí
Oibreoidh Comhairle Cathrach Chorcaí i gcomhar leis an ÚNI chun feidhmiú céimneach Straitéis Gluaiseacht Lár na Cathrach a thabhairt chun críche.
Suíomh Straitéiseach na Forbartha Nua Cinntiú go ndírítear gach forbairt nua cónaithe, fostaíochta agus tráchtála ar cheantair a bhfuil rochtain mhaith acu ar an ngréasán pleanáilte iompair phoiblí ardmhinicíochta.
140 Dréachtphlean Forbartha Chathair Chorcaí 2022 - 2028 | Imleabhar 1
Powered by FlippingBook