Caibidil 4 I Iompar agus Soghluaiseacht
DECLG (2012) agus na Rialacháin um Líonraí Tras-Eorpacha (TEN-T). Ní cheadófar aon rochtain nua nuair a bhíonn teorainn luais níos mó ná 50-60km/u i bhfeidhm. I gcás forbairtí reatha a bhfuil rochtain reatha acu lasmuigh de na teorainneacha luais sainithe, ní mór measúnú tionchair Tráchta agus Iompair a bheith ag gabháil le tograí chun iad a leathnú. Ní mór measúnú Tráchta agus Iompair a bheith in éineacht le moltaí d’fhorbairtí nua agus le diansaothrú ar fhorbairtí atá ann cheana féin laistigh de chriosanna rialaithe luais.
Tréscaoilteacht Áireoidh gach forbairt nua, go háirithe taobh leis na bealaí féideartha atá aitheanta le haghaidh feabhsúcháin iompair phoiblí, tréscaoilteacht do choisithe, rothaithe, agus iompar poiblí chun a inrochtaineacht a uasmhéadú. Tréscaoilteacht, sábháilteacht, slándáil agus nascacht a uasmhéadú do choisithe agus rothaithe trí naisc dhíreacha a chruthú le bóithre cóngaracha agus le gréasáin iompair phoiblí de réir an tsoláthair de threoir reachtúil mar atá leagtha síos. Straitéis tréscaoilteachta a ullmhú do cheantair ar fud na cathrach.
Cuspóir 4.8
Maolú Tionchair Dhíobhálacha ar Bhóithre Stráiteiseacha Acmhainn iompair, éifeachtúlacht oibriúcháin agus sábháilteacht na mbóithre náisiúnta straitéiseacha a chosaint agus chun éileamh a dhéanamh ar thograí forbartha a mbeadh tionchar ábhartha acu arc humas an ghréasáin bóithre straitéiseacha náisiúnta chun aon éifeachtaí díobhálacha dá bhforbairt ar chórais iompair agus/nó ar bhonneagar a mhaolú agus ranníochaíochtaí réasúnacha a dhéanamh i dtreo chostais aon oibreacha maolaithe, athruithe nó feabhsaithe acmhainne ar chórais iompair agus/nó bonneagair de réir mar is gá.
Próiseas Roghnú Conaire & Bealaigh
Tá Beartais agus Cuspóirí a bhaineann le bóithre nua agus tionscadail bhonneagair iompair eile (lena n-áirítear glasbhealaí, cosáin, rotharbhealaí agus gormbhealaí) nach bhfuil foráil déanta dóibh cheana i bpleananna/cláir atá ann cheana nó nach bhfuil ceadaithe cheana féin, faoi réir measúnú féidearthachta ag féachaint do ghnáth- bhreithnithe pleanála agus íogaireachtaí comhshaoil mar atá aitheanta i dTuarascáil Timpeallachta SEA agus cuspóirí an Phlean maidir le soghluaiseacht inbhuanaithe.
Córais Draenála Bóithre Náisiúnta a Chosaint Cosnófar acmhainn agus éifeachtúlacht chórais draenála an ghréasáin bóithre náisiúnta i gCathair Chorcaí.
Bóithre Náisiúnta a Chosaint
Feidhm iompair straitéiseach na mbóithre náisiúnta a chosaint, lena n-áirítear mótarbhealaí trí chur i bhfeidhm na dTreoirlínte um Pleanáil Spáis agus Bóithre Náisiúnta na nÚdarás,
141
Dréachtphlean Forbartha Chathair Chorcaí 2022 - 2028 | Imleabhar 1
Powered by FlippingBook