Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022 – 2028 Imleabhair 1

Caibidil 5 I Athrú Aeráide agus an Comhshaol

Comhthéacs Idirnáisiúnta, Náisiúnta agus Réigiúnach

5.4 Is minic a chuidíonn gníomhaíochtaí a théann i ngleic le hathrú aeráide agus díghrádú comhshaoil leis an gcomhshaol a chosaint agus a fheabhsú. Is cuid mhór de ghníomhaíocht aeráide iad seo, mar aon le húsáid níos measúla a bhaint as acmhainní nádúrtha. Tá bearta gníomhaíochta aeráide agus comhshaoil sa Chaibidil seo a chomhlánaíonn agus a chomhtháthaíonn leis an gCroí-Straitéis, Cuspóir Straitéiseach 4 agus caibidlí eile den Phlean agus straitéisí níos leithne ag leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil. Féach freisin Tábla 5.1 sa Chaibidil seo, mar go dtugann sé aghaidh ar na breithnithe seo a leanas ar a seal: • Comhthéacs Idirnáisiúnta, Náisiúnta agus Réigiúnach • Gníomhú Chathair Chorcaí ar son na hAeráide agus Comhshaoil: Straitéisí agus Tiomantais Áitiúla • Éifeachtúlacht Fuinnimh agus Úsáid Acmhainní • Fuinneamh In-athnuaite agus Ísealcharbóin • Draenáil Uirbeach Inbhuanaithe agus Bonneagar Glas agus Gorm • Ráitis Inbhuanaitheachta na Scéime • Cuspóirí Crosghearrtha Beartais um Athrú Aeráide agus Comhshaoil

Beartas Idirnáisiúnta um Athrú Aeráide

5.5 I gcomhthéacs idirnáisiúnta, tá stair fhada de thionscnaimh bheartais agus chreata ag díriú ar athrú aeráide. Téann siad sin siar breis is tríocha bliain agus áirítear orthu ‘Creat - Choinbhinsiún maidir leis an Athrú Aeráide’ na Náisiún Aontaithe (1992), Prótacal Kyoto (1997), Straitéis Oiriúnaithe an Aontais Eorpaigh (2013), Comhaontú Pháras (2015) agus na Náisiúin Aontaithe ‘Ag Claochlú Ár nDomhan: Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe' (2015) ina liostaítear na 17 Sprioc Forbartha Inbhuanaithe (SFI) a sholáthraíonn treoirphlean chun todhchaí níos fearr agus níos inbhuanaithe a bhaint amach. Tugann SFI Uimh. 13 aghaidh go sonrach ar ghníomhaíocht aeráide trí ‘gníomhaíocht phráinneach a éileamh chun an t -athrú aeráide a chomhrac agus a thionchair trí astaíochtaí a rialáil agus forbairtí san fhuinneamh in-athnuaite a chur chun cinn’.

Ag Tógáil Athléimneacht Aeráide

Oiriúnú Gníomh chun Riosca Tionchair Athrú Aeráide a Bhainistiú

Maolú Gníomh chun Astuithe is cúis le hAthrú Aeráide a Laghdú

Caomhnú Uisce

Iompar Inbhuanaithe

Bainistíocht Tubaiste agus Leanúnachas Gnó

Córais

Fuinnimh Nua

Cosaint Tuilte

Oideachas

Pobail Críochnaithe

Fuinneamh Glan

Éifeachtúlacht Fuinnimh

Uasghráduithe Bonneagair

Fíor 5.1: Cathair níos athléimní ó thaobh aeráide de a dhéanamh de Chorcaigh - forbhreathnú ar bhearta maolaithe agus oiriúnaithe aeráide. Foinse Íomhá: TeachersPayTeachers.com (TpT).

147

Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022-2028 | Imleabhar 1

Powered by