Caibidil 5 I Athrú Aeráide agus an Comhshaol
Gníomh Aeráide agus Comhshaoil Chathair Chorcaí: Straitéisí & Tiomantais Áitiúla 5.16 I 2016, shínigh Cathair Chorcaí Cúnant na Méaraí don Aeráid agus don Fhuinneamh, gluaiseacht a rinne údaráis áitiúla agus réigiúnacha chun aghaidh a thabhairt ar athrú aeráide. Cuimsíonn an ghluaiseacht seo breis is 10,000 cathair anois a chuimsíonn beagnach billiún duine. D’ullmhaigh an Chomhairle Plean Gníomhaíochta um Fhuinneamh Inmharthana agus Aeráide Chathair Chorcaí (PGFIA, 2018) mar chuid dár dtiomantas faoi Chúnant na Méaraí agus tá cur i bhfeidhm an phlean fós ar siúl.
5.12 Deimhníonn Toradh Straitéiseach Náisiúnta 8 ‘Aistriú go Geilleagar Ísealcharbóin agus Sochaí Athléimneach Aeráide’ den Chreat Náisiúnta Pleanála an ról atá ag pleanáil spásúlachta chun tacú le bearta oiriúnaithe agus maolaithe aeráide.
Comhthéacs Réigiúnach
5.13 Sainaithnítear i Straitéis Réigiúnach Spáis agus Eacnamaíochta an Deiscirt (SRSE, 2020) trí réimse tosaíochta a théann i ngleic le hathrú aeráide agus aistriú chuig Geilleagar agus Sochaí Ísealcharbóin: Dícharbónú; Éifeachtúlacht Acmhainní; agus Athléimneacht Aeráide. 5.14 Éilíonn Cuspóir Pleanála Réigiúnach 56 (geilleagar ísealcharbóin) go n-áireofaí ar údaráis áitiúla cuspóirí i bpleananna reachtúla úsáide talún chun caomhnú fuinnimh, éifeachtúlacht fuinnimh agus úsáid foinsí fuinnimh in-athnuaite a chur chun cinn agus tacaíonn Cuspóir Beartais Réigiúnach 98 le forbairt Straitéise Fuinnimh In-athnuaite Réigiúnach. 5.15 Cabhraíonn an Oifig Réigiúnach um Ghníomhú ar son na hAeráide (ORGA) do Réigiún an Atlantaigh Fharraige Theas, atá á óstáil ag Comhairle Cathrach Chorcaí, le comhúdaráis áitiúla straitéisí oiriúnaithe don athrú aeráide a ullmhú agus a chur i bhfeidhm agus tá sé sainordaithe tacaíocht agus comhordú a dhéanamh ar obair na n-údarás áitiúil ar gníomhaíocht ar son na haeráide thar gach feidhm, seirbhís agus gníomhaíocht.
5.17 I Meán Fómhair 2019 ghlac Comhairle Cathrach Chorcaí le Straitéis Chathair Chorcaí um Oiriúnú don Athrú Aeráide. Ó shin i leith, ba í Comhairle Cathrach Chorcaí an chéad údarás áitiúil sa tír a bhunaigh Coiste Gníomhú ar son na hAeráide tiomnaithe; d’infheistigh an chomhairle cathrach sa chabhlach feithiclí leictreacha is mó in earnáil na n-údarás áitiúil in Éirinn; leanann sé ag infheistiú in iarfheistiú fuinnimh ar thithíocht na hearnála poiblí;agus tá infheistíocht déanta aige i mbonneagar agus teorannú do choisithe a thacaíonn le modhanna inbhuanaithe iompair. Léiríonn na tionscnaimh agus na héachtaí seo dul chun cinn i ngníomh ar son na haeráide ar fud na cathrach agus féachann an Plean Forbartha seo le tógáil ar an rathúlacht sin agus níos mó móiminteam a éascú thar an tréimhse go dtí 2028 agus ina dhiaidh sin. 5.18 Oibreoidh Comhairle Cathrach Chorcaí leis an Rialtas, le hÚdarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (ÚFIÉ), le Tionól Réigiúnach an Deiscirt (TRD), leis an Oifig Réigiúnach um Ghníomhú ar son na hAeráide (ORGA), Energy Corcaigh, le speisialtóirí ceannródaíocha lena n-áirítear ár n- ollscoileanna agus ár bpobail chun gníomhartha éifeachtúlachta fuinneamh agus fuinnimh in- athnuaite ar fud na Cathrach a chur i bhfeidhm.
149 Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022-2028 | Imleabhar 1
Powered by FlippingBook