Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022 – 2028 Imleabhair 1

Caibidil 5 I Athrú Aeráide agus an Comhshaol

5.22 Nascann ceartas aeráide cearta an duine agus forbairt chun cur chuige daonlárnaí a bhaint amach, ag cosaint cearta na ndaoine is leochailí agus ag roinnt ualaí agus tairbhí an athraithe aeráide agus a thionchair go cóir agus go cothrom. Is cuid thábhachtach den phróiseas cinnteoireachta é ceartas aeráide agus aithníonn sé an gá atá le maoirseacht chothrom ar ár n-acmhainní nádúrtha mar chuid dár ngníomhartha maolaithe agus oiriúnaithe aeráide amach anseo. 5.23 Tacaíonn Comhairle Cathrach Chorcaí le prionsabal an aistrithe chóir agus, trí rannpháirtíocht na bpáirtithe leasmhara, féachfaidh sí lena chinntiú go ndéanfar tionscnaimh straitéiseacha laghdaithe carbóin agus oiriúnú aeráide a éiríonn as an bPlean Forbartha seo a iniúchadh, a mheas agus a chur i bhfeidhm ag féachaint don ghá atá le haistriú cóir agus déanfaidh an Chomhairle Cathrach iarracht tionchair dhíréireacha a sheachaint nó a mhaolú nua ir a d’fhéadfadh siad tarlú.

Crios Dícharbónaithe

5.19 Sainaithneoidh Comhairle Cathrach Chorcaí Crios Dícharbónaithe píolótach laistigh den chathair de réir Gníomh 25c de Ghníomhaíocht Eatramhach Aeráide 2021 an Rialtais. Is limistéar é Crios Dícharbónaithe atá sainaitheanta go spásúil ag an údarás áitiúil, inar féidir le raon de bhearta maolaithe aeráide a bheith ann le chéile chun aghaidh a thabhairt ar fhuinneamh ísealcharbóin áitiúil, ar astuithe gáis cheaptha teasa agus ar an aeráid. Féadfar a áireamh sna bearta maolaithe raon teicneolaíochtaí agus beart a thugann aghaidh ar leictreachas, teas, iompar, éifeachtúlacht fuinnimh foirgneamh, ceapadh carbóin, stóráil fuinnimh srl. Ní mór don Chrios a astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 7% in aghaidh na bliana ar a laghad ó 2021 go 2030 (laghdú 51% thar na deich mbliana) atá ar aon dul leis an mBille um Aeráide. Beidh sé ina réimse taispeána le cumas an tionscnamh a rolladh amach go codanna eile den Chathair mar chuid de phróiseas éabhlóidigh ina mbeidh na ceachtanna a foghlaimíodh mar phríomhfhachtóir in éabhlóid an tionscnaimh. 5.20 Beidh Comhairle Cathrach Chorcaí i gceannas ar chur i bhfeidhm an Chrios Dícharbónaithe i gcomhpháirtíocht le príomhpháirtithe leasmhara agus beifear ag súil go gcomhlíonfaidh gach togra forbartha laistigh den Chrios Dícharbónaithe sainithe agus go gcuirfidh sé leis an straitéis agus bearta foriomlána don Chrios. Tá sé seo ag teacht le spriocanna aeráide náisiúnta agus idirnáisiúnta.

Éifeachtúlacht Fuinnimh agus Úsáid Acmhainní

5.24 Is foirm lárnach de mhaolú ar athrú aeráide é

fuinneamh a chaomhnú agus é a úsáid ar bhealach níos éifeachtaí. Tá sé ar cheann de na bealaí is costéifeachtaí chun dul i ngleic leis an athrú aeráide inar féidir leis an tsochaí ar fad ról a ghlacadh. Tá an prionsabal mar bhonn agus mar thaca ag an gCroí- Straitéis a chothaíonn fás níos dlúithe le tacaíocht ó straitéis iompair inbhuanaithe agus cur i bhfeidhm choincheap na cathrach 15 nóiméad. Baineann sé seo freisin le húsáid acmhainní nádúrtha agus an gá a chinntiú nuair is féidir, go bhféachfaimid le dramhaíl a íoslaghdú anois agus amach anseo.

Aistriú Cóir agus Ceartas Aeráide

5.21 Is coincheap é Aistriú Cóir a chuireann riachtanais daoine áitiúla i gcroílár na ngníomhaíochtaí dúshlánacha a theastaíonn chun athrú aeráide agus socheacnamaíoch a mhaolú agus oiriúnú dó. Tá sé beartaithe tacú le haistriú níos cothroime agus níos tapúla ó gheilleagar atá truaillithe agus eastóscach go geilleagar athghiniúnach agus inbhuanaithe. Agus an coincheap á sheachadadh, tá réamhriachtanas ann go mbeadh pobail rannpháirteach i gcinntí um ghníomhú aeráide mar gheall ar an mbaol go gcuirfeadh siad seo isteach go díréireach ar na daoine is leochailí inár bpobail. Baineann sé seo go háirithe leis an aistriú ó bhreoslaí iontaise go fuinneamh níos glaine agus leis an aistriú chuig modhanna iompair níos inbhuanaithe.

Foirgnimh atá Tíosach ar Fhuinneamh

5.25 Thug Máistirphlean Fuinnimh Chorcaí (2019), arna chomhordú ag Energy Corcaigh agus maoinithe ag Líonra Pobail Fuinnimh Inmharthana an ÚFIÉ, faoi mheasúnú bonnlíne fuinnimh do Chathair agus Chontae Chorcaí. Deimhníonn sé gurb iad na hearnálacha cónaithe agus neamhchónaitheacha ar fud an limistéir staidéir atá freagrach as breis agus 70% d’astaíochtaí CO2.

150 Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022-2028 | Imleabhar 1

Powered by