Caibidil 5 I Athrú Aeráide agus an Comhshaol
Tá gá le hathrú mar sin lena chinntiú go bhféachann forbairt nua agus forbairt atá ann cheana le caomhnú agus éifeachtúlacht fuinnimh a bharrfheabhsú chun freagairt d’athrú aeráide. 5.26 Tá gá leis an gceanglas maidir le caighdeáin ‘Foirgneamh Nach Mór Neodrach Ó Thaobh Fuinnimh’ (FNMNÓTF) a bhaint amach i bhfoirgnimh nua tríd an Treoir um Fheidhmíocht Fuinnimh Foirgníochta (TFFF) arna trasnú in Éirinn trí Chuid L de na Rialacháin Foirgníochta. Ina theannta sin, breithneoidh Comhairle Cathrach Chorcaí, nuair is cuí, bearta breise chun bearta a bhaineann le pleanáil agus dearadh a thagann lasmuigh de na Rialacháin Foirgníochta a ionchorprú agus feabhsuithe feidhmíochta fuinnimh a ionchorprú i bhfoirgnimh atá ann faoi láthair faoi réir nach bhfuil aon choimhlint ann le cuspóirí beartais eile a bhaineann le dearadh, caomhnú agus oidhreacht.
Déanfar tograí neamhspleácha a mheas freisin i láithreacha cuí de réir na gcuspóirí beartais thíos agus a bhfuil i gCaibidil 9 Bonneagar Comhshaoil agus Caibidil 11 Comhfhorbairt Áite agus Bainistíocht Forbartha. 5.29 Is féidir le giniúint fuinnimh in-athnuaite agus ísealcharbóin a bheith i bhfoirmeacha éagsúla lena n-áirítear, ach gan a bheith teoranta do ghaoth; gréine ; geoiteirmeach ; hidreafhuinneamh; caidéil teasa foinse aeir, uisce agus talún; bithmhais ; agus fuinneamh ó dhramhaíl. Tugtar aghaidh níos mine ar fhuinneamh geoiteirmeach i gCaibidil 9. 5.30 Cuireann an Plean giniúint agus soláthar roghanna fuinnimh in-athnuaite agus ísealcharbóin chun cinn, ag féachaint do na deiseanna a chuireann moirfeolaíocht uirbeach na Cathrach, an t-ordlathas lonnaíochta agus an chúlchríoch san áireamh. 5.31 Beidh ról tábhachtach ag Foirgneamh Nach Mór Neodrach Ó Thaobh Fuinnimh’ (FNMNÓTF) agus forbairtí neamhchónaitheacha éighníomhacha i mbearta laghdú carbóin. Tá bainc ghréine ar leibhéal na díon mar ghné cheana féin i bhfoirgnimh nua agus iarfheistithe sa Chathair agus beidh siad mar chuid thábhachtach den réiteach chun forbairtí ísealcharbóin agus neodracht carbóin a bhaint amach. Táthar ag súil gurb é cumhacht gaoithe a chuirfidh go mór le baint amach na spriocanna náisiúnta do leictreachas in-athnuaite. Tá páirt le himirt ag giniúint fuinnimh ghaoithe micri-inathnuaite chun na spriocanna seo a bhaint amach, agus d’fhéadfadh go mbeadh poitéinseal ann do tháirgeadh fuinnimh ghaoithe ar an láthair agus micrea-ghaoithe i gceantair thionsclaíocha agus páirceanna gnó faoi réir an cheanglais chun taitneamhacht cónaithe a chosaint sna ceantair máguaird.
Bainistíocht Dramhaíola agus Foirgnimh Inoiriúnaithe
5.27 Agus ár dtionchar ar an aeráid agus ar an gcomhshaol á laghdú againn, ní mór dúinn iarracht a dhéanamh freisin dramhaíl a laghdú i dtógáil agus i bhfeidhmiú forbairtí. Cuimsíonn sé seo foirgnimh a dhearadh le bheith solúbtha go leor le gur féidir iad a oiriúnú chun freastal ar riachtanais athbhreithnithe sa todhchaí gan a bheith orthu scartáil agus tosú arís. Tugtar aghaidh níos mine i gCaibidil 9 Bonneagar Comhshaoil ar bhainistíocht dramhaíola, lena n-áirítear an geilleagar ciorclach (sa chás go bhfanann ábhair á n-úsáid ag a luach is airde ar feadh na tréimhse ama is faide agus go ndéantar iad a athchúrsáil nó a athúsáid, rud a íoslaghdaíonn méid na dramhaíola iarmharach).
5.32 Tá poitéinseal ann freisin do tháirgeadh
Fuinneamh In- athnuaite agus Ísealcharbóin
leictreachais ó saoráid ghaoithe amach ón gcósta ar mhórscála amach ó chósta Chathair Chorcaí sa Mhuir Cheilteach. Maidir leis seo, tacaíonn Comhairle Cathrach Chorcaí, nuair is infheidhme, le cur i bhfeidhm an ‘Phlean Forbartha um Fhuinneamh In- athnuaite Amach ón gCósta’ (PFFIAC) a d’fhoilsigh an Roinn Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha i 2014 (agus a athbhreithníodh ina dhiaidh sin i 2018) agus comhoibreoidh sí le chéile le gníomhaireachtaí stáit agus leathstáit maidir le cur i bhfeidhm tionscadal i Muir Éireann.
5.28 Agus muid ag athrú ónár spleáchas ar bhreoslaí iontaise agus ag bogadh i dtreo sochaí atá neodrach ó thaobh carbóin de, ní mór dúinn iniúchadh a dhéanamh ar úsáid teicneolaíochtaí fuinnimh in-athnuaite agus ísealcharbóin. Laistigh de chomhthéacs Chathair Chorcaí, cuimseoidh sé seo go príomha bearta fuinnimh in-athnuaite agus/nó ísealcharbóin chun tacú le tograí forbartha mar gheall ar an suíomh uirbeach atá i réim.
151 Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022-2028 | Imleabhar 1
Powered by FlippingBook