Caibidil 5 I Athrú Aeráide agus an Comhshaol
5.33 Nuair is cuí, féachfaidh Comhairle Cathrach Chorcaí le bonneagar a éascú ar nós saoráid ghreille ar thaobh na talún d’aon tograí fuinnimh in -athnuaite den acmhainn gaoithe amach ón gcósta, de réir phrionsabail an Chreata Náisiúnta Pleanála Mara (Féach freisin Caibidil 9 Bonneagar Comhshaoil agus Bainistíochta).
ag láithreacha cuí nuair nach mbeidh aon drochthionchar suntasach ar an timpeallacht ghlactha i dtéarmaí taitneamhacht, riosca tuilte agus cáilíocht uisce, sábháilteacht iompair (aerthaisteal san áireamh), oidhreacht thógtha, nádúrtha agus chultúrtha, bithéagsúlacht agus carachtar an tírdhreacha. 5.37 D’fhéadfadh sé seo leathnú chuig gineadóirí gaoithe ar scála beag, gineadóirí bithmhaise, gléasraí díleá anaeróbach agus fuinneamh eile ó theicneolaíochtaí dramhaíola agus painéil ghréine ar an talamh ar scála áirgiúlachta. Tá an poitéinseal ag giniúint fuinnimh in-athnuaite agus ísealcharbóin freisin cuidiú le tacú leis an ngeilleagar tuaithe agus le dramhaíl talmhaíochta a thiontú go sábháilte go fuinneamh ar scála áitiúil trí shaoráidí díleá anaeróbach. 5.38 Cé go bhfuil sí teoranta ag a suíomh uirbeach den chuid is mó, oibreoidh Cathair Chorcaí le páirtithe leasmhara i dtaighde agus i seachadadh fuinnimh in-athnuaite chun cabhrú le pleananna a bhaint amach chun an earnáil fuinnimh a dhícharbónú sa réigiún agus go náisiúnta.
Fuinneamh In-athnuaite agus Ísealcharbóin i bhFoirgnimh
5.34 Agus tacú le fás dlúth, nasctha agus inbhuanaithe Chathair Chorcaí go dtí 2028, spreagtar gach togra forbartha chun úsáid bonneagair fuinnimh in- athnuaite a mheas ó thús an tionscadail. Ba cheart go n-áireodh sé seo ar a laghad taiscéalaíocht ar ghrianphainéil fhótavoltach ar bharr an dín, ar phainéal tiomsaithe grianteasa agus ar chaidéil teasa ón talamh nó ón aer ach ag brath ar chúinsí suímh agus nádúr an togra forbartha, beidh deiseanna ann cineálacha eile d’inathnuaite agus giniúint fuinnimh ísealcharbóin a mheas. 5.35 Beidh gá le straitéisí ilghnéitheacha chun an earnáil fuinnimh a dhícharbónú de bharr na spriocanna náisiúnta laghduithe astuithe atá leagtha amach sa Bhille um Ghníomhú ar son na hAeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin (Leasú) 2021. Tá sé tuartha i dTuarascáil MaREI, ‘Our Climate Neutral Future Zero by 50’ (Márta 2021) go bhfuil gá le tuairim is 25 GW d’acmhainn leictreachais in -athnuaite faoi 2050 le go mbainfidh an earnáil neodracht astuithe carbóin amach faoi 2050 i gcomparáid leis an acmhainn 4.5 GW inniu. 5.36 Dá bhrí sin, chomh maith le tacú le fuinneamh in-athnuaite agus ísealcharbóin mar chuid de Giniúint Fuinnimh Inbhuanaithe - Tionscadail Neamhspleácha
Deiseanna Téimh Cheantair
5.39 Is líonra dáileacháin de phíobáin inslithe é téamh ceantair a iompraíonn teas ó fhoinse lárnach agus a sheachadann chuig roinnt foirgneamh laistigh den líonra é. Féadfaidh an fhoinse teasa a bheith éagsúil agus d’fhéadfadh saoráid a bheith san áireamh ann a sholáthraíonn soláthar tiomnaithe don ghréasán teasa, mar shampla gléasra cumhacht is teas in éineacht; nó teas a gnóthaíodh ó thionscal agus ó bhonneagar uirbeach, nó fuinneamh ó ghléasraí dramhaíola. 5.40 Agus í ag freastal ar phatrúin forbartha níos dlúithe agus níos inbhuanaithe, déanfaidh Comhairle Cathrach Chorcaí measúnú ar an bhféidearthacht téamh ceantair a sheachadadh ar fud na Cathrach. I measc na réimsí fáis amach anseo a d’fhéadfadh a bheith ag teacht le córais Téimh Cheantair tá, ach nach bhfuil teoranta dóibh, Dugthailte Chathair Chorcaí, Dugthailte Tivoli agus Páirc Eolaíochta agus Nuálaíochta Chorcaí. Féach tuilleadh sonraí i gCaibidil 11.
scéimeanna forbartha, tacófar le forbairt tionscadail neamhspleácha fuinnimh in- athnuaite/ísealcharbóin
152 Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022-2028 | Imleabhar 1
Powered by FlippingBook