Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022 – 2028 Imleabhair 1

Caibidil 5 I Athrú Aeráide agus an Comhshaol

agus faoi láthair tá sé ina óstach ar an bhflít feithiclí leictreacha is mó san earnáil údaráis áitiúil agus tacaíonn sé le rolladh amach an bhonneagair chun freastal ar fheithiclí leictreacha ar fud na cathrach. 5.43 I gCaibidil 9 Bonneagar Comhshaoil tá cuspóirí forbartha ar thionscadail fuinnimh in-athnuaite aonair laistigh den Chathair. Tugtar tacaíocht dóibh i bprionsabal, ach ní mór a bheith cúramach lena chinntiú nach mbíonn drochthionchar suntasach ag na moltaí ar thaitneamhacht chónaithe, ar ghníomhaíocht eacnamaíoch, ar an gcomhshaol, ar bhithéagsúlacht, ar iompar agus ar sheirbhísí fóntais. Ní mór do na moltaí cloí leis na cuspóirí polasaí atá in áiteanna eile sa Phlean Forbartha. Draenáil Uirbeach agus Bonneagar Glas agus Gorm 5.44 De réir mar a éiríonn athrú aeráide agus tionchair an athraithe aeráide níos déine agus níos athraitheach de réir a chéile, is féidir linn a bheith ag súil le níos mó báistí trom agus tréimhsí breise de thonnta teasa agus triomach. Féachfaidh Comhairle Cathrach Chorcaí le bearta a chur chun cinn maidir le foirgnimh atá cosanta don aeráid agus don chathair i gcoitinne chun gnóthachan uisce stoirme agus gréine a bhainistiú níos fearr, tionchar ar bhithéagsúlacht a laghdú agus cathair níos inchónaithe agus níos inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de a chruthú mar atá leagtha amach sna leathanaigh seo a leanas.

Fuinneamh Geoiteirmeach

5.41 Tá acmhainní geoiteirmeacha éadomhain forleathana ag Éirinn le haghaidh feidhmeanna téimh ar scála beag agus meánach, ar féidir iad a iniúchadh ar líne trí léarscáileanna Oiriúnachta Geoiteirmeacha Shuirbhéireacht Gheolaíochta na hÉireann le haghaidh úsáid tí agus tráchtála. Is féidir a gcuid léarscáileanna Oiriúnachta Geoiteirmeacha a úsáid freisin chun an cineál bailitheoir teasa foinse talún is oiriúnaí le húsáid le teicneolaíochtaí caidéil teasa a chinneadh. Tá acmhainneacht aitheanta ag Éirinn freisin maidir le hacmhainní doimhne geoiteirmeacha. Is féidir tagairt a dhéanamh sa réimse seo freisin don Mheasúnú ar Acmhainní Geoiteirmeacha do Théamh Ceantair in Éirinn agus don Treochlár do Chreat Beartais agus Rialála do dhoiciméid Fuinnimh Geoiteirmeacha.

Iompar a Dhícharbónú

5.42 In Éirinn, ba í an earnáil iompair an dara ranníocóir ba mhó a chuir le hastuithe gáis cheaptha teasa (GCT) le hiompar bóthair freagrach as 95% d’astuithe laistigh den earnáil i 2019. Chomh maith le gréasán iompair níos inbhuanaithe a sheachadadh i gCathair Chorcaí mar atá leagtha amach i gCaibidil 4 Iompar agus Soghluaisteacht, ní mór dúinn freisin an gréasán iompair a dhícharbónú agus tacú le glacadh níos mó Feithiclí Leictreacha. Tá iarracht déanta ag Comhairle Cathrach Chorcaí a bheith i gceannas ar an aistriú i dtreo iompar ísealcharbóin

153 Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022-2028 | Imleabhar 1

Powered by