Caibidil 5 I Athrú Aeráide agus an Comhshaol
5.54 I gcomhthéacs foirgneamh nua agus iarfheistiú nó síneadh a chur le foirgnimh atá ann cheana féin, beidh deiseanna glasaithe ann trí úsáid a bhaint as díonta glasa nó ballaí glasa. Chomh maith le cuidiú le cuma amhairc na bhfoirgneamh a fheabhsú, cuireann díonta glasa agus ballaí tairbhí oiriúnaithe aeráide ar fáil lena n-áirítear cabhrú le sreafaí uisce stoirme a laghdú, roinnt uisce stoirme a ionsú agus cáilíocht an uisce stoirme rith chun srutha a fheabhsú, agus poitéinseal insultaithe agus éifeachtúlachta teirmeach a thairiscint, cabhrú le feabhas a chur ar cháilíocht an aeir agus ionsú carbóin agus deiseanna bithéagsúlachta a sholáthar. 5.55 Cé go mb’fhéidir nach mbeadh úsáid díonta glasa oiriúnach i ngach cás agus go dtabharfar tús áite do phainéil ghréine fótavoltach/teirmeacha nuair a bhíonn coinbhleacht ann, beidh gach togra forbartha le díonta cothrom nó le fána réidh, lena n-áirítear garáistí, stórais boscaí bruscair agus stórais rothar a spreagadh chun díonta glasa a ionchorprú mar chuid de straitéis chomhtháite CDuI de réir Chuspóir 9.4 i gCaibidil 9 den Phlean Forbartha. 5.56 Agus na cuspóirí beartais atá dírithe ar an aeráid agus ar an gcomhshaol atá sa Chaibidil seo agus i gCaibidlí eile den Phlean Forbartha á mbreithniú agus á gcur i bhfeidhm, beidh ar iarratasóirí ar thograí forbartha cónaithe agus tráchtála ar mhórscála Scéim Ráiteas Oiriúnachta a chur isteach lena n-iarratas pleanála a thaispeánfaidh conas a théann na tograí i ngleic leis na cuspóirí (Féach Caibidil 11 Comhfhorbairt Áite agus Bainistíocht Forbartha). Cuspóirí Crosghearrtha Beartais um Athrú Aeráide agus Comhshaoil 5.57 Tá dul i ngleic le hathrú aeráide agus díghrádú comhshaoil mar bhunthéama den Phlean Forbartha seo. Tá achoimre i dTábla 5.1 ar na príomhchuspóirí beartais a bhfuil ról lárnach acu maidir le hathrú aeráide a mhaolú agus oiriúnú dó.
5.52 Trí phleanáil agus cur i bhfeidhm cúramach chun a acmhainneacht a uasmhéadú, cuireann BGG an liosta deiseanna neamh-uileghabhálach seo a leanas ar fáil i gcomhthéacs an athraithe aeráide agus díghrádú an chomhshaoil a chomhrac: • Líonra atá nasctha níos fearr a sholáthar de spásanna glasa tarraingteacha, sábháilte agus conairí chun daoine a mhealladh chun siúl agus rothaíocht agus chun spleáchas ar úsáid carranna a laghdú; • Réiteach Dúlra-Bhunaithe chun sreafaí uisce dromchla (uisce báistí) a ionsú, a thanú agus a scagadh; • Ceapadh carbóin / cáilíocht aer feabhsaithe; • Cosaint agus feabhsú na bithéagsúlachta; agus • Fuarú uirbeach agus maolú micrea-aeráide. 5.53 Chomh maith le spásanna BGG atá ann cheana féin a chosaint agus níos straitéisí a sholáthar mar chuid de líonra comhtháite, tá Cathair Chorcaí tiomanta do sholáthar agus buntáistí BGG a chinntiú ar fud na Cathrach trí spásanna glasa agus gorma ardchaighdeáin a neadú i gcroílár na gcomharsanachtaí ar fad. Mar chuid den straitéis seo, caithfidh tograí forbartha aonair iarracht a dhéanamh freisin spásanna glasa agus gorma a ionchorprú isteach inár dtimpeallacht thógtha agus glacadh le deiseanna chun nascadh le gréasáin BGG atá ann cheana féin.
155 Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022-2028 | Imleabhar 1
Powered by FlippingBook