Chapter 5 I Climate Change and the Environment
Cuspóirí Athrú Aeráide agus Comhshaoil
Cuspóir Straitéiseach 4 Aeráid agus Comhshaol
Tacú le haistriú chuig todhchaí ísealcharbóin, atá athléimneach ó thaobh aeráide de agus atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de. Tacú leis an ngeilleagar ciorclach. Tá Comhairle Cathrach Chorcaí tiomanta do bhearta a chur i bhfeidhm chun tacú le baint amach na mbeartas agus na spriocanna náisiúnta maidir le maolú aeráide, lena n-áirítear beartas an Rialtais faoi Aistriú na hÉireann go Todhchaí Fuinnimh Ísealcharbóin 2015-30 agus an Plean Gníomhaíochta Aeráide 2019, an Plean Náisiúnta Maolaithe, Creat Náisiúnta um Oirúnú: Ag Pleanáil d’Éire Athléimneach o thaobh Aeráide de. Agus an Plean seo á ullmhú, d’aontaigh a n Rialtas an Bille um Ghníomhú ar son na hAeráide agus Forbartha Ísealcharbóin (Leasú) 2021 a chur chun cinn chun tacú le haistriú na hÉireann go dtí neodracht agus geilleagar aeráide glan a bhaint amach faoi 2050. Déanfaidh moltaí d’fhorbairt nua i gCathair Chorcaí a dícheall lorg carbóin a laghdú trí laghduithe a dhéanamh ar astuithe carbóin, ídiú fuinnimh inbhuanaithe, iompar inbhuanaithe, úsáid foinsí fuinnimh in-athnuaite, modhanna glasa tógála lena n-áirítear dearadh éighníomhach gréine, agus maolú agus oiriúnú riosca tuilte agus úsáid réitigh dúlra-bhunaithe, trí dhearadh, leagan amach, cur i bhfeidhm agus feidhmiú. Beidh gá le ráiteas atá ar cóimhéid le nádúr agus scála an togra forbartha a bheith in éineacht le hiarratais phleanála a thaispeánfaidh an chaoi ar breithníodh agus ar cuireadh i bhfeidhm athléimneacht aeráide ag gach céim den phróiseas forbartha.
161 Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022-2028 | Imleabhar 1
Powered by FlippingBook