Caibidil 5 I Athrú Aeráide agus an Comhshaol
Cathair Athléimneach ó thaobh Aeráide de Cathair atá níos athléimní ó thaobh aeráide de, ísealcharbóin agus inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de a chruthú, áit a nglacann ár bpáirtithe leasmhara agus ár bpobail páirt i mbearta gníomhaíochta comhshaoil agus aeráide comhtháite, agus ina mbaineann siad leas as, a chuireann tairbhí sóisialta, eacnamaíocha agus bithéagsúlachta eile ar fáil freisin.
Gníomh Comhordaithe Réigiúnach ar Athrú Aeráide Tacú le Tionól Réigiúnach an Deiscirt, leis an Oifig Réigiúnach um Ghníomhú ar son na hAeráide (ORGA) agus le páirtithe leasmhara
ábhartha agus iad ag ullmhú Straitéis Fuinnimh In-athnuaite Réigiúnach.
Reachtaíocht, Beartas agus Treoir Idirnáisiúnta agus Náisiúnta um Athrú Aeráide Tacú le cur i bhfeidhm polasaí idirnáisiúnta agus reachtaíocht náisiúnta, polasaí, straitéisí oiriúnaithe earnála agus treoir ar athrú aeráide i gCathair Chorcaí agus dul thar barr nuair is féidir é, lena n-áirítear an gealltanas laistigh den Bhille um Ghníomhú ar son na hAeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin (Leasú) 2021 laghdú ar astaíochtaí carbóin 51% a bhaint amach faoi 2030 agus neodracht faoi 2050.
Straitéisí Gníomhaíochta Aeráide agus Comhshaoil Na gníomhartha agus na tionscnaimh atá i bPlean Gníomhaíochta um Fhuinneamh Inbhuanaithe agus Aeráide Chathair Chorcaí (2018), an Straitéis Oiriúnaithe don Athrú Aeráide (2019), an Chairt um Ghníomhaíocht Aeráide (2019), Máistirphlean Fuinnimh Chorcaí (2019) agus na foilseacháin a tháinig i gcomharba orthu a chur i bhfeidhm thar saolré an Phlean Forbartha lena n-áirítear gníomhaíochtaí a eascraíonn as 'Gníomhartha Eatramhacha ar son na hAeráide 2021' de chuid an Rialtais, an Plean Gníomhaíochta Náisiúnta Aeráide 2021 atá beartaithe agus na Pleananna Gníomhaíochta Aeráide áitiúla amach anseo.
Taighde agus Aitheantas Idirnáisiúnta um Athrú Aeráide Cathair Chorcaí a chur chun cinn mar shuíomh le haghaidh taighde agus infheistíochta ar athrú aeráide.
Tionscadail um Athrú Aeráide Tacú le deiseanna fuinnimh in-athnuaite, taighde oiriúnú don athrú aeráide nó maolú don athrú aeráide agus treoirthionscadail ar fud na Cathrach a spreagadh.
162 Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022-2028 | Imleabhar 1
Powered by FlippingBook