Caibidil 5 I Athrú Aeráide agus an Comhshaol
Pobal Fuinnimh Inbhuanaithe
Caomhnú agus Éifeachtúlacht Fuinnimh
Tacú le agus cuidiú le leibhéil arda caomhantas fuinnimh agus éifeachtúlacht fuinnimh a chruthú i bhfoirgnimh nua agus reatha araon.
Tacú le Tionscnaimh Phobail Fuinnimh Inbhuanaithe an ÚFIÉ agus Energy Corcaigh in oibriú le pobail áitiúla chun tionscadail éifeachtúlachta fuinnimh agus fuinnimh in-athnuaite a sheachadadh.
Breithnithe Éifeachtúlachta Fuinnimh Táthar ag súil go n-uasmhéadóidh tograí forbartha nua éifeachtúlacht fuinnimh trí shuíomh, láithreánaíocht, treoshuíomh, leagan amach, dearadh, draenáil uisce stoirme agus tírdhreachú. Áirítear leis seo féachaint le héifeachtúlacht fuinnimh a bharrfheabhsú trí insliú theirmigh, aeráil éighníomhach agus fuarú agus dearadh éighníomhach gréine.
Crios Dícharbónaithe Chathair Chorcaí
A bheith i gceannas ar shainaithint agus ar chur i bhfeidhm Chrios Dícharbónaithe laistigh de Chathair Chorcaí trí rannpháirtíocht le pobail áitiúla agus le páirtithe leasmhara ábhartha eile.
Aistriú Cóir agus Ceartas Aeráide
Bainistiú Úsáid Fuinnimh Spreagtar tograí forbartha chun an cleachtas is fearr a ionchorprú i dteicneolaíochtaí a chuidíonn le húsáid fuinnimh a laghdú nó a chumasaíonn monatóireacht agus bainistiú úsáid fuinnimh.
Agus bearta straitéiseacha maolaithe agus oiriúnaithe aeráide á iniúchadh, á measúnú agus ag tacú leo, féachfaidh Comhairle Cathrach Chorcaí lena chinntiú go gcuirfear prionsabal an aistrithe chóir san áireamh trí rannpháirtíocht spriocdhírithe le geallsealbhóirí mar chuid den phróiseas cinnteoireachta chun riosca a íoslaghdú, a sheachaint nó a mhaolú de baill dár bpobail a bheith faoi mhíbhuntáiste go héagórach mar gheall ar an athrú céime atá á leanúint ar mhaithe le gníomhaíocht aeráide agus comhshaoil.
163 Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022-2028 | Imleabhar 1
Powered by FlippingBook