Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022 – 2028 Imleabhair 1

Caibidil 5 I Athrú Aeráide agus an Comhshaol

Bainistíocht Dramhaíola - Tógáil agus Oibriú na Forbartha Ba cheart do gach togra forbartha dramhaíl a íoslaghdú agus na deiseanna athchúrsála agus athúsáide a uasmhéadú le linn na gcéimeanna tógála agus oibriúcháin.

a léiriú conas a breithníodh bonneagar fuinnimh in-athnuaite trí Ráitis Inbhuanaitheachta na Scéime (Féach Ráitis Inbhuanaitheachta na Scéime i gCaibidil 11 Comhfhorbairt Áite agus Bainistíocht na Forbartha).

Dearadh Inoiriúnaithe Ionchorprú dearadh inoiriúnaithe i ngach forbairt nua a spreagadh chun a n-oiriúnú d'úsáid mhalartach, leagan amach nó riachtanais úsáideoirí sa todhchaí a éascú más gá.

Teaschaidéal

Tacú le húsáid teaschaidéil i bhfoirgnimh chónaitheacha, thráchtála agus phoiblí nuathógtha ag cur san áireamh cúrsaí taitneamhachta, caomhnaithe agus oidhreachta.

Tithíocht Inoiriúnaithe Saoil Cur chun cinn agus cuidiú le soláthar tithe inoiriúnaithe feadh an tsaoil chun freastal ar riachtanais na sochaí ar fad.

Painéil Ghréine Fótavoltach/Teirmeacha ar Dhíon Tacú le hionchorprú painéil tiomsaithe fótavoltach agus/nó painéal tiomsaithe grianteasa le haghaidh giniúint leictreachais/stórála agus téamh uisce ar fhoirgnimh chónaithe, thráchtála agus phoiblí nua ag cur san áireamh taitneamhacht, glint agus dallrú, caomhnú agus cúrsaí oidhreachta.

Fuinneamh In-athnuaite agus Ísealcharbóin Tograí forbartha a spreagadh chun úsáid bonneagair fuinnimh in-athnuaite a mheas ó thús an tionscadail le hiarratais phleanála do scéimeanna forbartha níos mó

164 Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022-2028 | Imleabhar 1

Powered by