Caibidil 5 I Athrú Aeráide agus an Comhshaol
Giniúint Fuinnimh Inbhuanaithe - Tionscadail Neamhspleácha Tacú le tionscadail giniúna fuinnimh inbhuanaithe agus le treoirscéimeanna i gcás ina gcloíonn tograí den sórt sin le haon treoirlínte agus treoir ábhartha náisiúnta nó áitiúil agus nach mbíonn tionchar suntasach acu ar an gcomhshaol máguaird lena n-áirítear bithéagsúlacht, cáilíocht uisce agus riosca tuilte, cáilíocht an aeir, truailliú torainn, sábháilteacht iompair (lena n-áirítear taisteal aeir), oidhreacht nádúrtha, thógtha agus chultúrtha, carachtar tírdhreacha agus taitneamhacht chónaithe.
Téamh Ceantair
Tacaíocht a thabhairt do théamh ceantair a sheachadadh agus a bheith treoraithe ag an gCreat Beartais atá molta d’Fhorbairt Téamh Ceantair in Éirinn agus le himeacht ama, Plean Gníomhaíochta Fuinnimh Cheantar Chathair Chorcaí. Beidh gá le tacú le gach iarratas pleanála amach anseo ar scéimeanna forbartha de 50 teach nó níos mó nó 1,000m.cr de spás urláir tráchtála ag na láithreacha straitéiseacha seo a leanas trí mheasúnú ar dheiseanna téimh ceantair agus conas a thabharfar ar aghaidh iad mar chuid den fhorbairt mura bhfuil sé léirithe go bhfuil sé neamh-infheidhmithe nó neamh-inmharthana go teicniúil: Dugthailte na Cathrach Tivoli Páirc Eolaíochta agus Nuálaíochta Chorcaí
Plean Gníomhaíochta Fuinnimh Cheantar Chathair Chorcaí A bheith i gceannas ar ullmhú Phlean Gníomhaíochta Fuinnimh Cheantar Chathair Chorcaí i gcomhpháirtíocht le Energy Coraigh agus i gcomhairle leis an ÚFIÉ, SRA agus ORGA.
Feithiclí Leictreacha Spreagadh agus tacaíocht a thabhairt d’úsáid Feithiclí Leictreacha (FL) agus Feithiclí Leictreacha Éadroma (FLÉ) agus tacú le soláthar bonneagair luchtaithe do FL ar an tsráid, laistigh de charrchlóis agus i bhforbairtí nua.
165 Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022-2028 | Imleabhar 1
Powered by FlippingBook