Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022 – 2028 Imleabhair 1

Caibidil 6 I Bonneagar Glas agus Gorm, Spás Oscailte agus Bithéagsúlacht

spásanna glasa agus dobharlaigh d’ardchaighdeán a bhfuil raon tairbhí sóisialta, eacnamaíocha agus comhshaoil ag baint leo. 6.2 Tugann an Chaibidil seo aghaidh ar théamaí ar leithligh ach idirnasctha a dtugtar aghaidh orthu ceann ar cheann mar seo a leanas: • Bonneagar Glas agus Gorm • Tírdhreach • Áineas Gníomhach agus Spás Oscailte • Bithéagsúlacht agus Timpeallacht Nádúrtha 6.3 Rinneadh Staidéar ar Bhonneagar Glas agus Gorm agus Staidéar ar Bhonneagar Áineasa Gníomhach chun fianaise a sholáthar chun tacú leis na cuspóirí forbartha atá leagtha amach sa Phlean Forbartha seo.

Réamhrá

6.1 Tá sé mar aidhm ag an bPlean Forbartha seo a chinntiú go bhfuil áit sláintiúil, bríomhar agus tarraingteach í Cathair Chorcaí le cónaí ann, le hoibriú ann agus le cuairt a thabhairt uirthi. Chun é seo a bhaint amach, tá sé tábhachtach go gcosnófaí bithéagsúlacht agus, nuair is féidir, go bhfeasófaí í agus go laghdódh an Chathair a lorg carbóin. I mbeagán focal, ní mór don chathair a bheith feistithe níos fearr chun déileáil le hathrú aeráide. Tá ról an-tábhachtach ag bithéagsúlacht, spásanna glasa agus uiscebhealaí Chathair Chorcaí maidir le cuidiú leis an sprioc seo a bhaint amach, agus beidh an ról seo níos tábhachtaí de réir mar a fhreastalaíonn Cathair Chorcaí ar leibhéil uaillmhianacha daonra agus fás eacnamaíoch. Éascófar an fás seo trí chathair níos néata a chruthú le gréasán éagsúil comharsanachtaí, bithéagsúlacht ilghnéitheach, bríomhar agus faoi bhláth agus líonra ilghnéitheach inrochtana de

168 Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022-2028 I Imleabhar 1 1

Powered by