Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022 – 2028 Imleabhair 1

Caibidil 6 I Bonneagar Glas agus Gorm, Spás Oscailte agus Bithéagsúlacht

Bonneagar Glas agus Gorm (GBI) Staidéar Bonneagair Ghoirm agus Ghlais Chathair Chorcaí 2021

Níl soláthar GBI teoranta do spásanna glasa traidisiúnta ar nós páirceanna agus spásanna oscailte eile ach d’fhéadfadh idirghabhálacha éagsúla a bheith i gceist leis an dúlra a shnáithiú isteach i sráid-dreacha nó le conairí nascachta a sholáthar idir na gnéithe GBI a gcuirtear síos orthu thuas, ar a dtugtar ‘áiseanna’ . 6.5 Rinne Comhairle Chathrach Chorcaí staidéar GBI chun athbhreithniú a dhéanamh ar áiseanna glasa agus gorma Chathair Chorcaí agus chun breathnú ar an mbealach is fearr leis an líonra seo a chosaint, a fheabhsú agus a nascadh. Ullmhaíodh an staidéar mar chuid de chur chuige comhordaithe chun dlúth-fhás a sheachadadh de réir cuspóirí an NPF. Léiríonn Figiúr 6.2 an chaoi a gcuireann an staidéar cur chuige atá bunaithe ar fhianaise i bhfeidhm le ceapadh polasaí a chuimsigh bailiú sonraí, rannpháirtíocht fhairsing le páirtithe leasmhara agus athbhreithniú ar dhea-chleachtas idirnáisiúnta.

6.4 Is é Bonneagar Glas agus Gorm (GBI) an téarma a úsáidtear chun cur síos a dhéanamh ar an líonra spásanna agus conairí nádúrtha agus leathnádúrtha glasa agus gorma ar bhealach ar leith sa limistéar, lena n-áirítear, páirceanna, coillearnacha, goirt, fálta, lochanna, locháin, gairdíní, limistéir chósta, rotharbhealaí, aibhneacha agus cúrsaí uisce. Tá líonra láidir GBI ríthábhachtach do cháilíocht na beatha agus folláine na gcónaitheoirí, na ngnóthaí agus na bpobal, ag cuidiú le cruthú agus le chothú áiteanna inar mian le daoine cónaí agus oibriú. Aithnítear anois é mar chloch choirnéil laistigh de

chathracha seasmhacha, toisc gur rud ‘riachtanach’ seachas ‘deas a bheith’ é .

Destination

Spaces – Outdoor sports facilities – Heritage parks & gardens – Green high streets

– Protected and under protected biodiversity areas – Wildlife corridors – Allotments – Restored habitat

Healthy Spaces – Active travel routes – Urban greening – Access to nature – Sense of place

Resilient Spaces

– Green roofs and vertical greening – SuDS

– Allotments – Low carbon travel

169 Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022-2028 I Imleabhar 1 1

Powered by