Cuspóirí Straitéiseacha Phlean Forbartha Chathair Chorcaí
Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe
Torthaí Straitéiseacha an Chreat Náisiúnta Pleanála
CS7 – Oidhreacht, Ealaíona & Cultúr
Carachtar uathúil agus fabraic thógtha na cathrach, a comharsanachtaí, a bailte uirbeacha agus a lonnaíochtaí a chosaint agus a fheabhsú trí aire a thabhairt do Déanmhas Chosanta, séadchomharthaí agus oidhreacht seandálaíochta, Limistéir Chaomhantais Ailtireachta agus oidhreacht doláimhsithe. Oidhreacht agus léiriú cultúrtha uathúil Chorcaí a aithint, a chosaint, a fheabhsú agus a fhás ar bhealach barántúil agus bríoch. Cinntiú go ndéantar oidhreacht, cultúr agus ealaíon Chorcaí a cheiliúradh agus a fhorbairt chun áit tharraingteach, bhríomhar agus ionchuimsitheach a chruthú le cónaí ann, le hoibriú ann, le staidéar agus le cuairt a thabhairt air.
Bainistiú Inbhuanaithe Uisce, Dramhaíola agus Acmhainní Comhshaoil Eile
Cultúr, Taitneamhacht & Oidhreacht Feabhsaithe
CS8 – Bonneagar Comhshaoil
Úsáid éifeachtach agus inbhuanaithe seirbhísí uisce a chinntiú, cáilíocht uisce agus bainistíocht acmhainní a fheabhsú. Giniúint agus cóireáil dramhaíola a bhainistiú agus tacú le prionsabail an gheilleagair chiorclaigh.Cáilíocht an aeir a fheabhsú agus bainistíocht réamhghníomhach torainn a chur chun cinn. Seachadadh inbhuanaithe bonneagair dhigitigh, fuinnimh in- athnuaite agus feabhsuithe comhshaoil a chumasú.
Bainistiú Inbhuanaithe Uisce, Dramhaíola agus Acmhainní Comhshaoil Eile
Cultúr, Taitneamhacht & Oidhreacht Feabhsaithe
CS9 – Comhfhorbairt Áite & Bainistiú Forbartha
Cathair dhlúth inchónaithe a fhorbairt bunaithe ar spásanna agus áiteanna uirbeacha tarraingteacha, éagsúla agus inrochtana. Díriú ar chomharsanachtaí insiúlta a fheabhsú a chuireann saol sláintiúil, folláine agus stíleanna maireachtála gníomhacha chun cinn, áit a bhfuil comhfhorbairt áite ag croílár. Cur chuige bunaithe ar dhearadh a leanúint le hailtireacht nuálaíoch, tírdhreach agus dearadh uirbeach a thugann meas ar charachtar na cathrach agus na comharsanachta.
Fás Dlúth
Teacht ar Sheirbhísí Ardchaighdeáin um Chúram Leanaí, Oideachas agus Sláinte
Soghluaisteacht Inbhuanaithe
18
Powered by FlippingBook