Caibidil 6 I Bonneagar Glas agus Gorm, Spás Oscailte agus Bithéagsúlacht
Creat Bonneagair Ghlais agus Ghoirm Chathair Chorcaí
Tá an Timpeallacht Uisce i gCathair Chorcaí ina chuid lárnach de líonra GBI, a bhfuil ról bunúsach aige i mbainistiú tuilte agus draenála uisce dromchla, ag déanamh cothabháil ar cáilíocht uisce, agus feabhas a chur ar an taitneamh a bhaintear as spásanna poiblí. Tá ról lárnach ag aibhneacha agus dobharcheantair na Cathrach i líonra sláintiúil GBI.
Teastaíonn líonra Bithéagsúlachta atá feidhmiúil agus seasmhach ó Chathair Chorcaí chun aistriú go timpeallacht ísealcharbóin, aghaidh a thabhairt ar riosca tuilte agus brú ar cháilíocht an aeir, cothabháil ar táirgeadh bia sláintiúil a dhéanamh, agus chun spreagadh agus oideachas a chur ar fáil trí rochtain ar dúlra.
Cuireann an Tírdhreach agus an Cuan i gCorcaigh lena thimpeallacht níos leithne, rud a chruthaíonn ómós áite uathúil. Trí dheiseanna nua GBI a aithint agus a sholáthar, caomhnóidh sé, feabhsóidh sé agus méadóidh sé ar an taitneamh a bhaintear as an timpeallacht mar áiseanna do chónaitheoirí agus do chuairteoirí araon.
Cuireann líonra ilghnéitheach GBI go leor deiseanna ar fáil don Turasóireacht, don Chultúr, don Áineas agus don Fhóillíocht . Méadóidh cosaint agus feabhsú líonra GBI Chathair Chorcaí éiceathurasóireacht agus cuirfidh sé turasóireacht nádúr-bhunaithe agus oidhreacht-bhunaithe chun cinn.
Cabhróidh líonra dea-phleanáilte GBI i gCathair Chorcaí le droch-thioncar Athrú Aeráide a aisiompú ag cinntiú go leanann áiseanna GBI atá uathúil sa Chathair ag soláthar seirbhísí luachmhara éiceachórais sa chomhrac in aghaidh teagmhais adhaimsire agus teochtaí domhanda atá ag ardú.
Soláthraíonn Nascacht agus Rochtain ar spásanna glasa agus gorma agus limistéir áineasa sa Chathair go leor buntáistí do shláinte agus folláine, cáilíocht an aeir, athrú aeráide agus bithéagsúlacht agus tá sé lárnach do chothabháil ar taistil ghníomhach do chách a dhéanamh.
Cuireann líonra feabhsaithe GBI i gCathair Chorcaí tairbhí móra ar fáil do Dhaoine, don Phobal, don tSláinte agus don Fholláine lena n-áirítear deiseanna le haghaidh aclaíocht, spórt, áis, áineas (lena n-áirítear súgradh foirmiúil agus neamhfhoirmiúil), cuimsiú sóisialta agus fiontair pobail.
Cuireann seachadadh líonra GBI dea-phleanáilte deiseanna Bainistíochta Luach Eacnamaíoch agus Úsáide Talún ar fáil ar féidir leo tairbhí eacnamaíocha a logánú, infheistíocht isteach a chur chun cinn, fostaíocht a mhéadú agus gníomhaíocht eacnamaíoch níos leithne a spreagadh sa Chathair.
Tábla 6.1: Creat Bonneagair Ghlais agus Ghoirm Chathair Chorcaí.
171 Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022-2028 I Imleabhar 1 1
Powered by FlippingBook