Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022 – 2028 Imleabhair 1

Caibidil 1 I Réamhrá

Struchtúr an Phlean seo

1.26 Tá struchtúr an phlean leagtha amach thíos. Tá gach rannán treoraithe ag na prionsabail atá leagtha amach ag tús na caibidle seo; • fás dlúth, • cathair chomharsanachta agus pobail, • taisteal inbhuanaithe agus gníomhach, • oidhreacht thógtha agus nádúrtha fheabhsaithe, • geilleagar éagsúil agus athléimneach, • cathair athléimneach, • cathair shláintiúil, éagsúil agus ionchuimsitheach, • cathair nasctha, agus • cathair foghlama agus cultúir. 1.27 Tugann Caibidil 1 agus 2 an Plean isteach agus leagann siad amach na Spriocanna agus Croí-Straitéis don chathair. Leagann caibidlí 3-9 a leanas amach cuspóirí agus gníomhaíochtaí forbartha faoi raon ceannteidil. Aithníonn Caibidil 10 Príomhcheantair Fáis agus Suímh Forbartha Comharsanachta ar fud na Cathrach a mbeidh tairbhí áitiúla acu, dá ndéanfaí iad a fhorbairt, agus a d'fhéadfadh a bheith mar chatalaíoch chun na comharsanachtaí máguaird a athrú ó bhonn. D’fhéadfadh roinnt de na láithreáin seo leas a bhaint as idirghabhálacha gníomhacha bainistíochta talún. Leagann Caibidil 11 amach cuspóirí maidir le comhfhorbairt áite agus bainistíocht forbartha. Leagann Caibidil 12 amach cuspóirí criosaithe talamhúsáide (atá léirithe i sraith léarscáileanna criosaithe i Imleabhar 2).

1.24 Cuimsíonn an Plean seo ráiteas scríofa, sraith léarscáileanna criosaithe, imleabhar oidhreachta tógtha, aguisíní agus tuarascálacha straitéiseacha comhshaoil, chomh maith le sraith doiciméad tacaíochta. Cuirtear an Plean seo i láthair i dtrí imleabhar: Imleabhar 1: Ráiteas Scríofa Imleabhar 2: Cuspóirí Mapáilte Imleabhar 3: Cuspóirí Oidhreachta Tógtha

Imleabhar 1: An Ráiteas Scríofa

1.25 Cuimsíonn an Ráiteas Scríofa príomhbheartas doiciméad an Phlean. Cé go bhfuil sé beartaithe é a léamh ag lucht féachana leathan is doiciméad dlíthiúil é an Plean seo agus go minic léiríonn foclaíocht an Phlean dualgais reachtúla an Phlean. I gcás aon easaontais idir an ráiteas scríofa agus na léarscáileanna nó aguisíní tacaíochta, beidh tosaíocht ag an ráiteas scríofa (Croí-Straitéis agus Cuspóirí Straitéiseacha).

19 Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022-2028 I Imleabhar 1

Powered by