Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022 – 2028 Imleabhair 1

Caibidil 6 I Bonneagar Glas agus Gorm, Spás Oscailte agus Bithéagsúlacht

Deiseanna Bonneagair Ghlais agus Ghoirm ar Scála Cathrach (féach ar an léarscáil) 11. Cur chun cinn Chathair Chorcaí mar Tacú le gníomhartha agus pleananna atá deartha chun soláthar áineas uisce-bhunaithe a fheabhsú laistigh agus cois na Laoi agus

cheann scríbe le haghaidh áineas uisce-bhunaithe

Chuain Istigh Chorcaí agus gormbhealach ardchaighdeáin a sheachadadh laistigh den chuan níos leithne le haghaidh áineasa gníomhach agus éighníomhach. Straitéis Tírdhreacha Chathair Chorcaí (2008) a nuashonrú chun bonn fianaise soiléir a sholáthar ar shaintréithe agus ar ghnéithe luachmhara thírdhreacha na Cathrach agus chun faisnéis agus treoir a sholáthar chun eolas a thabhairt do shuíomh, scála agus dearadh cuí na forbartha nua. Tacú le pleanáil agus dearadh páirceanna comharsanachta ilfheidhmeacha trí iniúchadh a dhéanamh ar dheiseanna do thograí a chuireann spásanna poiblí gníomhacha íseal-thráchta bunaithe ar GBI i bhfeidhm laistigh de thograí le haghaidh athnuachan comharsanachta. Tacú le seachadadh na ngníomhartha agus na dtionscadal a chothaíonn glasú laistigh de Lár na Cathrach, lena n-áirítear iniúchadh atá deartha chun deiseanna a uasmhéadú chun GBI a chomhtháthú le hathghiniúint uirbeach, oibreacha fearainn phoiblí, turasóireacht, taisteal gníomhach agus treochomharthaíocht. Tacú le cur chuige pleanáilte maidir le hathchóiriú na cora a thit go páirteach ar bhruach Inis Cara agus athchóiriú an chórais canála laistigh de Pháirc Réigiúnach Bhaile an Chollaigh a chuireann feabhas ar ghnáthóg nádúrtha, oidhreacht thionsclaíoch, úsáid áineasa agus nascacht. Treoirthionscadal ZD a aithint laistigh de Chathair Chorcaí agus raon beart maolaithe a thabhairt isteach chun aghaidh a thabhairt ar fhuinneamh ísealcharbóin áitiúil, ar astaíochtaí gás ceaptha teasa, agus ar riachtanais aeráide a chuireann le gníomh aeráide náisiúnta chun cabhrú le tuiscint níos fearr a fháil le dícharbónú na cathrach i gcoitinne. Tacú le pleanáil, dearadh agus seachadadh moil ilúsáide gníomhaíochtaí muirí agus áineasa sa Mhuiríne cois na Laoi. Feabhsóidh an mol luach oidhreachta áineasa, nádúrtha agus cultúrtha na Laoi trí rochtain, gníomhaíochtaí agus úsáid an uisce a fheabhsú lena n-áirítear gníomhaíochtaí áineasa uisce-bhunaithe agus áiseanna láithreáin talún mar rámhaíocht, árthaí éadroma, snámh agus gníomhaíochtaí áineasa eile oiriúnach go bhfuil gníomhach agus éighníomhach. Áireofar sa phleanáil agus sa dearadh rannpháirtíocht le geallsealbhóirí atá deartha chun inrochtaineacht shábháilte, fheabhsaithe ar an uisce a éascú agus taiscéalaíocht ar chomhshuíomh agus ar chomhroinnt bonneagair phobail, fiontraíochta, áineasa agus spáis oscailte a chuidíonn le mol muirí atá bunaithe ar an bpobal a chruthú don chathair agus don cheantar níos leithne.

12. Nuashonrú agus Athbhreithniú ar

Straitéis Tréithrithe Tírdhreacha Chathair Chorcaí

13. Tionscadail Phíolótacha Pháirceanna

Comharsanachta Lár na Cathrach

14. Tionscadail Ghlasaithe a Ghníomhachtú i Lár Chathair Chorcaí

15. Athchóiriú ar an gcóras cora agus canála ag Páirc Réigiúnach Bhaile an Chollaigh

16. Treoirthionscadal an Zóin Dícharbónaithe (ZD)

17. Mol Gníomhaíochtaí Muirí agus Áineasa

179 Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022-2028 I Imleabhar 1 1

Powered by