Caibidil 6 I Bonneagar Glas agus Gorm, Spás Oscailte agus Bithéagsúlacht
6.20 Is é cuspóir na LPZanna ná carachtar tírdhreacha agus áiseanna na suíomhanna a chaomhnú agus a fheabhsú. Tá toimhde in aghaidh forbartha laistigh de LPZanna, agus ní féidir forbairt a dhéanamh ach amháin nuair a bhaineann sé amach na cuspóirí sain-suíomh atá leagtha amach i dTáblaí 6.6-6.10. I gcúinsí eisceachtúla, d’fhéadfadh deis theoranta a bheith ann d’fhorbairt le cur ar chumas áititheoirí reatha foirgnimh atá ann cheana féin a oiriúnú dá riachtanais atá ag forbairt, ar choinníoll go bhfuil foirm nó nádúr na forbartha ag teacht le carachtar tírdhreacha an limistéir. D’fhéadfadh go n -áireofaí leis seo athrú úsáide nó síntí beaga.
Criosanna Caomhnaithe Tírdhreacha
6.19 Is limistéir iad Criosanna Caomhnaithe
Tírdhreacha (LPZanna) atá criosaithe ZO 17 Criosanna Caomhnaithe Tírdhreacha (féach ar Caibidil 12 Cuspóirí Criosaithe Úsáide Talún) chun a gcarachtar agus a luach áise a chosaint. Meastar go bhfuil na limistéir seo an-íogair d’fhorbairt agus mar sin tá poitéinseal forbartha teoranta nó gan acmhainn forbartha ar bith acu. De ghnáth, comhcheanglaíonn carachtar tírdhreacha na limistéar seo áiseanna sainiúla tírdhreacha mar topagrafaíocht, fána, brat crann, suíomh struchtúir stairiúla, spásanna oscailte agus áiseanna tírdhreacha eile – féach ar Tábla 6.5.
Tagairt
Catagóir Áiseanna
A
Topagrafaíocht - dromanna, scairpeanna, fánaí
B
Conair Uisce / Abhann - aibhneacha, inbhear, cuan, An Loch, Lochán an Atlantaigh, Ceantar na nDugaí, Port Chorcaí
C
Ceannbhrat Crann- Limistéir ina bhfuil coillearnacha nó grúpaí suntasacha crann, nó limistéir le poitéinseal do choillearnacha nua
D
Éiceolaíocht – limistéir a sholáthraíonn gnáthóg d’fhlóra agus d’fhána fiáin
E
Talamh lena mbaineann Tábhacht ó thaobh físiúil (lena n-áirítear Radhairc agus Amhairc a bhfuil Luach Áiseanna Speisialta ag baint leo, Stáitsí Féideartha agus Radhairc a bhfuil Tábhacht Áitiúil acu)
F
Croílár Stairiúil / Bailedhreacha / Sráid-dhreacha
G
Sainchomharthaí / Gnéithe Nádúrtha / Tírdhreach Cultúrtha – talamh atá mar shuíomh d’fhoirgnimh sainchomhartha reatha agus / nó struchtúir chosanta / foirgnimh shuntasacha Achar Spás Oscailte Poiblí agus Príobháideach, lena n-áirítear talamh a bhféadfadh Spás Oscailte Poiblí a bheith ann
H
I
Spás Oscailte Institiúideach
J
Tírdhreacha Stairiúil (lena n-áirítear séadchomharthaí / bealaí stairiúil)
K
Carachtar Tuaithe / Crios Glas – cóngaracht úsáidí talún tuaithe agus talmhaíochta don chathair
L
Foirm Thógtha
M
An Réimse Poiblí
O
Tairseacha chuig an gCathair
P
Droichid
178 Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022-2028 I Imleabhar 1
Powered by FlippingBook